Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris
- Foilsithe: 20 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, bhí cruinniú fada agam le teaglaigh agus le daoine muinteartha na 48 duine óg a chailleadh sa dóiteán Stardust.
Cruinniú umhal agus mothúchánach a bhí ann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a d’fhreastail as an méid a d’inis siad dom mar grúpa agus i gcomhráite aonair príobháideacha araon.
Tháinig breis is 70 duine chuig Roinn an Taoisigh inniu. Tá a fhios agam go maith áfach, gur iomaí iolraí de sin an líon daoine go léir a bhfuil tionchar an Stardust i bhfeidhm orthu. Áirítear sa mhéid sin, dóibh siúd a ghortaíodh, na daoine a bhí ag obair sa Stardust, na hoibrithe túslíne a d’oibrigh go dian chun beatha a shamháil ar an oíche. Áiríonn sé na marthanóirí, na foirne dóiteáin, foireann na n-otharcharr, na gardaí, an t-arm, tiománaithe tacsaí agus muintir an phobail ar fud na hÉireann a d’iompair an tragóid seo leo le 43 bliain anuas.
D’éist mé go géar le gach rud a d’inis na teaglaigh dom agus mar Thaoiseach, ghabh mé mo leithscéal inniu, gan chuntar, do gach teaglach. Déanfaidh mé amhlaigh an son an Stáit Dé Máirt seo chugainn.
Críoch.