Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris
- Foilsithe: 18 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Chuir an tAire Eamon Ryan in iúl dom inné go bhfuil sé socraithe aige éirí as a cheannaireacht ar an gComhaontas Glas.
Is polaiteoir é Eamon a bhfuil an-ardmheas air agus ba mhaith liom ómós a léiriú dó féin agus dá theaghlach as gach a bhfuil déanta acu do pholaitíocht na hÉireann trína cheannaireacht ar an gComhaontas Glas. Tá meas agam ar a chinneadh agus tuigim é.
Is duine dílis, paiseanta agus macánta ó nádúr é Eamon a chuireann na tréithe céanna sin i bhfeidhm ar an bpolaitíocht.
Is faoi chomhaltaí agus rialacha an Chomhaontais Ghlais atá sé anois cinneadh a dhéanamh maidir le ceannaireacht an pháirtí.
Leanann obair an Rialtais ar aghaidh agus leanfar den Chlár Rialtais idir na trí pháirtí comhghuaillíochta a chur i bhfeidhm.
Tá go leor oibre le déanamh againn.
CRÍOCH