English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2024

Tá mo smaointe ag gabháíl le foireann na Náisiún Aontaithe agus iad ag caoineadh seisear comhghleacaithe a cailleadh ón UNRWA a maraíodh i ionsaí Iosraelach ar scoil ina raibh na mílte Palaistíneach asláithrithe ar foscadh.

Ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite, maraíodh breis is 220 ball foirne in Gaza.

Níos luaithe sa tseachtain seo, choiniceamar urchair á lámhaíodh i dtreo conmhua na NA a bhí ag scaipeadh vacsaíní polio chun leanaí a chosaint in Gaza, agus an fhoireann faoi bhagairt ag fórsaí míleata an Iosrael.

Ní mór dúinn gan é seo a cheadú a bheith ina normáltacht choíche ná muidne a bheith réchúiseach faoi na rioscaí a ghlacann oibrithe daonnúla lena mbeatha féin chun cabhair a thabhairt do dhaoine eile.

Táimid fíorbhuíoch as an obair a dhéanann siad agus leanfaidh Éire ar aghaidh ag seasamh leis an NA agus le UNRWA agus iad i mbun a gcuid oibre ríthábhachtach.

Ní foláir dúinn freisin cuntasaíocht a chinntiú dóibh siúd a dhéanann coireanna cogaidh.

Tá mé ag tnúth le mo chomhbhrón a chur in iúil go pearsanta do Ard Rúnaí na NA Guterres nuair a thugaim cuairt ar na NA níos déanaí an mhí seo.

Glaoim arís go ndéanfaí sos comhraic láithreach, gach uile gialla a scaoileadh saor agus rochtain gan bhac ar chabhair in Gaza.