Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ní bhíonn aon ní le rá agam ar ábhair a bhaineann le mo shlándáil phearsanta ná le slándáil mo theaghlaigh, ach, ar bhonn níos leithne, ba mhaith liom cúpla rud a rá faoi threochtaí atá le tabhairt faoi deara againn.
Baineann dlí na tíre le daoine nuair atá siad ar líne a oiread agus a bhaineann nuair nach bhfuil. Níor cheart go mbeadh aon tearmann ag daoine a fhéachann le daoine a bhagairt, a ionsaí nó dochar a dhéanamh dóibh nó ag daoine a ghríosaíonn daoine amhlaidh a dhéanamh.
Is minic a bhagraítear ar pholaiteoirí anois agus is beag nach nglactar leis gur gnáthchuid den phost é. Níl sé inghlactha. Éirím gach maidin, téim amach ag obair agus oibrím chomh crua agus atá mé in ann. Mar a dhéanann mórchuid na bpolaiteoirí a bhfuil aithne agam orthu, bíodh siad i bpáirtí nó ná bíodh. Níor cheart go nglacfaí go brách le hiarrachtaí muid a ionsaí, beag a dhéanamh dínn nó dídhaonnú a dhéanamh orainn agus ba cheart labhairt amach ina aghaidh sin i gcónaí.
Ní stopfar go brách mé mo chúramaí i mo Thaoiseach dom a dhéanamh.
Is údar mórtais gach lá iad fir agus mná an Gharda Síochána de bharr an obair a dhéanann siad agus gabhaim buíochas leo as sin.
Glacaim buíochas le daoine ó ar fud na tíre as a gcineáltas agus a macántacht - is mór agamsa, agus ag mo mhuintir, é sin.
CRÍOCH