English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Is cúis mhór imní dom na tuairiscí gur lámhadh Forsaí Cosanta Iosrael ar shuíomhanna UNIFIL ag a cheanncheathrú in Naqoura. Cuirimid ár ndlúthpháirtíocht chuig na pearsanra míleata a d’fhulaing gortuithe éadroma dá bharr.

Ní raibh baint ag Oglaigh na hÉireann atá ar seirbhís le UNIFIL, i gCampa Seamróg agus i bpoist atá gar don Líne Ghorm araon agus tá siad fós go maith. Tá siad ag leanúint ar aghaidh lena misean a chur chun cinn le gradam, in ainneoin na cúinsí an-chrua.

Ní féidir cur suas le lámhach ar choimeádaithe síochána ná ní féidir glacadh leis. Caithfidh go mbeidh ómós a thaispeáint i gconaí don Chlogad Gorm a chaitheann coimeádaithe síochána na Náisiún Aontaithe.

Tá siad ar seirbhís ar son an phobail idirnáisiúnta i gcuid de na háiteanna is dúshlánaí ar domhan. Ní comhraiceoirí iad, agus ní foláir go mbeadh meas a léiriú dá ról i gconaí.

Tá mé á chur ar an eolas go rialta mar gheall ar shábháilteacht ár mball d’Oglaigh na hÉireann sa Liobáin, agus fanfaidh mé i ndlúth-theagmháil le hArd-Rúnaí na NA. Tá a sábháilteacht ríthábhachtach an t-am ar fad.

Iarraim arís ar gach taobh sos comhraic láithreach a d’fhéadfadh feidhmiú iomlán de Rún 1701 na NA a éascú agus slándáil a chur ar fáil do phobail shibhialtacha in Iosrael agus sa Liobáin.

CRÍOCH