English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 13 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inné, d’ordaigh Iosrael tuilleadh sráidbhailte i ndeisceart na Liobáine a aslonnú. I dtuaisceart Gaza, tar éis ionsaí a dhéanamh ar Jabalia ar thalamh agus san aer, ag marú na scórtha sibhialtach, chuir sé léigear ar an mbaile agus d’ordaigh sé do shiabhialtaigh a bhí fágtha bogach amach as. Tá sé soiléir nach bhfuil áit sábhailte ar bith acu le dul.

Caithfeadh cosc a chur leis an spriocdhíriú d’aon ghnó agus an mhí-úsáid seo ar shibhialtaigh.

Cosnaítear daonraí shibhialtach faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta. Nuair a dhírítear orthu, is léir go ndéantar neamhaird mhínáireach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar gach norm cearta daonna agus is coir chogaidh é.

Ní foláir iad siúd atá freagrach a choinneáil cuntasach.

Caithfidh gurb é sin an cás le haghaidh Iosrael, chomh maith le Hamas agus Hezbollah. Ní mór dúinn gan é seo a ligean gan aon phionós a bheith ann.

Tá sé thar am go bhailíonn an pobal idirnáisiúnta le chéile ní hamháin chun é a cháineadh, ach i ngníomh chun deireadh a chur leis an scéal uafásach seo.

An tseachtain seo, beidh mé ag dul go dtí an Bhruiséil chun freastal ar Chruinniú Mullaigh na Comhairle um Chomhar idir an AE agus an Mhurascaill Dé Chéadaoin agus ar an gComhairle Eorpach ar an Déardaoin. Beidh an Meánoirthear ar an gclár oibre.

Beidh mé i dteagmháíl le ballstáit eile an AE atá ar fónamh le UNIFIL sa Liobáin chun a chinntiú go gcosnaíonn ár gcoimeádaithe síochána go hiomlán agus go seolann an AE comhartha láidir tacaíochta le haghaidh UNIFIL agus na NA i gcoitinne.

Tá sé ráite agam arís agus arís eile nach mór don phobal idirnáisiúnta – na tíortha agus na heagraíochtaí go léir – gach luamhán atá ar fáil dúinn a úsáid chun sos comhraic a bhaint amach agus deireadh a chur leis an bhforéigean uafásach sa Mheánoirthear. Tugann an Chomhairle Eorpach an tseachtain seo deis thábhachtach chun teachtaireacht láidir aontaithe a sheachadadh.

CRÍOCH