English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris agus ón gCoimisinéir Eorpach-Ainmnithe, Michael McGrath

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 17 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • Freagairt ar fhógra Michael McGrath mar Choimisinéir-Ainmnithe don Daonlathas, Cheartas agus Smacht an Dlí.

Tá áthas ar Taoiseach Simon Harris treaslú le Michael McGrath as cúram an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Daonlathas, Ceartas agus Smacht an Dlí a bhronnadh air ón Uachtarán von der Leyen.

Tá fíor-substaint agus tábhacht ag baint leis an gcúram, a éilíonn na cáilíochtaí féin gur bheartaigh an Rialtas Michael a dhéanamh ina ainmní na hÉireann don Choimisiún – breithiúnas, ionracas agus dáiríreacht cuspóra.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris:

“Is ceapachán láidir agus cumhachtach é seo le haghaidh Choimisinéir-ainmnithe na hÉireann, Michael McGrath. D’oibrigh mé go dlúth leis an Uachtarán Ursula von der Leyen le seachtainí beaga anuas agus is vóta muiníne é fógra an lae inniu in iarrthóir na hÉireann.”

“Beidh frith-chaimiléireacht agus cosaint tomhaltóirí i measc an iliomad cumhachtaí agus dualgais, chomh maith leis an gcúram fadréimseach cirt agus dlí. D’oibrigh mé le Michael sa gComh-aireacht agus tá an réimse scileanna agus an eitic oibre aige chun tionchar ollmhór a dhéanamh sa sainchúram seo. Cé go bhfuil gá fós ag an gCoimisiún faomhadh parlaiminte a fháil, ba mhaith liom arís eile buíochas a ghabháil leis an Uachtarán von der Leyen as an obair mhionchúiseach atá déanta chun an Coimisiún Eorpach seo a bhunú.”

Beidh Michael McGrath ina chuid lárnach de Choláiste nua na gCoimisinéirí a stiúrfaidh obair an Aontais Eorpaigh sna cúig bliana atá amach romahainn, ag tabhairt a thaithí agus a shaineolais ar fad le húsáid ina chuid oibre.

Dúirt an Coimisinéir-Ainmnithe McGrath:

“Is mór an onóir dom mé a bheith molta don Chúram Cirt agus dlí ag an Uachtarán von der Leyen agus táim ag tnúth le dul i dteagmháíl le Parlaimint na hEorpa roimh éisteachtaí an Choimisiúin nua sna seachtainí atá amach romhainn. Tá an cúram ríthábhachtach don Eoraip: tá cosaint ár luachanna daonlathacha, smacht an dlí agus cearta ár saoánach bunúsach d’fhorbairt an AE agus an Mhargaigh aonair sa todhchaí. Is é an chéad uair d’Éirinn an cúram seo a bheith aici agus is aitheantas é dár seasamh mar thír atá sochaí láidir dhaonlathach agus oscailte aici.

“Chomh maith leis na gnéithe lárnacha Ceartais de mo chúram, tá lúchair orm freagracht as cearta tomhaltóirí a chosaint ar fud an AE a bheith tugtha dom. Cuirim fáilte roimh an deis seo mo scileanna a chur i bhfeidhm ar réimsí nua.”