Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris ar an gCuradh Oilimpeach Daniel Wiffen
- Foilsithe: 30 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 31 Iúil 2024
Thar ceann na tíre go léir, a bhí ag screadach ag a gcuid teilifíse agus scáileáin ríomhaireachta go dtí go raibh piacán iontu, ba mhaith liom ár n-ard-mheas agus ár gcomhghairdeachas iomlán a chur chuig Daniel Wiffen.
A Daniel, bhain tú amach é — Ór Oilimpeach agus taifead Oilimpeach.
Bhí an saorstíle 800-méadar ag an deireadh i bPáras ar cheann do na haoiseanna. Deimhníonn teicníc, cumhacht agus faghairt Daniel faoi bhrú é mar lúthchleasaí a thagann aon uair sa ghlúin. Is curadh domhanda é agus is curadh Oilimpeach anois é agus ba phribhléid dúinn é a fheiceáil.
Is scéal mór teaghlaigh é seo, agus ní féidir liom ach an t-áthas atá ar Rachel, Jonathan agus Nathan a shamhlú an tráthnóna seo. Seo é bhur bua freisin.
Comhghairdeachas a Daniel, táimid ag tnúth go mór chun a fheiceáil cad a dhéanfaidh tú ina dhiaidh seo.
CRÍOCH