English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris ar bhás Kathleen Watkins

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 7 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

"Is le fíorbhrón a chuala mé faoi bhás an chraoltóra agus údair Kathleen Watkins.

"Duine mealltach ab ea Kathleen a raibh pearsantacht agus láithreacht ghnaíúil agus ghreannmhar aici, chomh maith lena cumas suntasach ealaíonta.

"Bhí sí agus a fear céile, Gay Byrne, ar cheann de na lánúineacha ba cháiliúla in Éirinn agus bhí a ndílseacht dá chéile agus dá gclann le feiceáil go soiléir i rith a bpósadh fada grámhar.

"Cé gurb é Gay Byrne an t-aghaidh is cáiliúla a chur RTÉ i láthair riamh, beidh Kathleen ar cheann de na chéad aghaidheanna a bhí le feiceáil ar an scáileán ar oíche oscailte RTÉ go deo.

"Ba dhuine ildánach í, inti féin, agus ar ndóigh cosúil le go leor teaghlach timpeall na tíre, tá áit speisialta ag a cuid leabhar agus ag Pigín ar an leabhragán i mo theach.

"Dá hiníonacha Crona agus Suzy, dá garpháistí agus don chiorcal níos leithne dá muintir, cairde agus comhghleacaithe, gabhaim mo chomhbhrón daoibh as bhur gcailliúint.

"Ar dheis Dé go raibh a hanam dílis."

CRÍOCH