Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris ar bhás Tommie Gorman
- Foilsithe: 25 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Baineadh siar go mór asam agus tá an-bhrón orm faoi bhás Tommie Gorman.
Iriseoir a raibh seasamh ollmhór aige ba ea Tommie a rinne a phost agus a dhualgas go cruinn cothrom agus go han-ghairmiúil.
Agus é ag obair i saol na nuachta láithrí agus leanúnaí, thugtaí cuireadh isteach do Tommie Gorman i dtithe daoine oíche i ndiaidh oíche chun anailís chothrom, neamhchlaonta agus dhomhain a dhéanamh ar cheann de na rudaí is luachmhaire ar an oileán - próiseas na síochána.
Ní haon áibhéil a rá gur ghlac sé go dáiríre leis an bhfreagracht sin agus dá bharr sin bhí muinín ag muintir na hÉireann as Tommie. Má dúirt Tommie Gorman é, tharla sé.
Bhí dúil mhór ag Tommie ina chuid oibre ach bhí sé an-bhródúil as a mhuintir féin freisin agus luadh sé i gcónaí iad in aon chomhrá a bhíodh agam leis faoin bpolaitíocht nó faoin saol i gcoitinne.
Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh lena bhean chéile, Ceara, agus lena chlann Joe agus Moya chomh maith lena theaghlach trí chéile, agus ba mhaith liom a chur in iúl daoibh go meabhraíodh Tommie i gcónaí dóibh siúd ag a raibh oifig pholaitiúil a thábhachtaí atá an teaghlach.
Maidir leis an iliomad comhghleacaithe a bhí ag Tommie in RTÉ, i mBéal Feirste agus in The Currency, ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh libh ar bhás cara mór libh.
Suaimhneas síoraí dá anam.