Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris ar na dálaí daonnúla atá ag dul in olcas i nGaza
- Foilsithe: 27 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
‘Is cúis mhór imní do mhuintir na hÉireann é go bhfuil orduithe aslonnaithe míleata leanúnacha Iosrael ag cur isteach go forleathan ar oibríochtaí cúnaimh i nGaza.
Tá gach nóiméad tábhachtach chun beatha daoine a thabhairt slán i nGaza agus sé do-mhaite agus dochosanta go raibh ar na Náisiúin Aontaithe gach oibríocht dá gcuid a bhí ar siúl thart ar a mhol lárnach in Deir al-Balah a chur ar fionraí inné.
Ní bhaineann an ghéarchéim dhaonnúil i nGaza leis na daoine a maraíodh de bharr diúracán amháin. Tá póilió braite agus dhearbhaigh na Náisiúin Aontaithe aréir go bhfuil 50,000 leanbh ann a rugadh go gairid roimh an gcogadh, nó ó shin, nach bhfuair imdhíonadh mar gheall gur chlis ar an gcórais sláinte.
Tá baol tubaisteach forleathan ann anois go mbeidh póilió agus galair uafásacha eile ag teacht chun cinn mar gheall go bhfuiltear ag cur cúnamh daonnúil ar ceal ar bhonn leanúnach. Tá níos mó ná 600,000 vacsaín póilió curtha ag na Náisiúin Aontaithe chuig Gaza ar bhonn práinne agus níor cheart go smaoineofaí go gcuirfí isteach ar an slabhra tarrthála seo le horduithe aslonnaithe.
Tá an t-ocras fós ag ciapadh an 1.1 milliún duine a tháinig slán as an ionsaí sliogán agus a theith arís agus arís eile. Tá sé deimhnithe ag an gClár Domhanda Bia go bhfuiltear ag laghdú an méid ábhair atá ina mbeartáin bia mar nár éirigh ach le leath den 24,000 tonna méadrach de chúnamh bia é a dhéanamh chomh fada le Gaza.
Tá go bhfuiltear ag diúltú bia agus go bhfuiltear mall ag tabhairt cead bealaigh don bhia sin, rud a chiallaíonn go dtéann bia úr ó mhaith, neamheiticiúil agus náireach.
Tacaíonn Éire go huile agus go hiomlán le hiarrachtaí idirnáisiúnta sos cogaidh leanúnach a bhaint amach, na gialla a scaoileadh saor agus cúnamh gan bac a bheith ann. Tá na hiarrachtaí sin dian ach nó go mbeidh réiteach faighte caithfear an cur isteach leanúnach seo ar chúnamh a cháineadh agus ní mór stop a chur leis.
Ní mór do gach taobh cloí leis an ordú ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le rochtain gan bhac ar chúnamh daonnúil.
Pléifidh mé na hábhair sin, agus ábhair eile, ag cruinniú déthaobhach le hUachtarán na Fraince Emmanuel Macron i bPáras tráthnóna inniu.”
CRÍOCH