English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris ar oscailt na gCluichí Parailimpeacha

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 28 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu, agus ar feadh na naoi lá atá le teacht, feicfidh Éire foireann de 35 lúthchleasaí agus ambasadóir thar na bearta ag déanamh ionadaíochta orainn ar stáitse an domhain ag an 17ú Cluichí Parailimpeacha i bPáras.

Ba mhór an onóir dom am a chaitheamh leis na lúthchleasaíthe, cóitseálaíthe agus foireann de chuid Fhoireann na hÉireann i bPáras sular thosaigh na foirmeálachtaí.

Tá siad réidh, tá siad dírithe agus tá an fuinneamh agus an spiorad atá acu tógalach. I ngach Paralimpeach, ní lúthchleasaí den chéad scoth amháin atá ann ach tá dóchas agus seasmhacht an spioraid dhaonna iontu.

Bhí samhradh iontach spóirt ag Éireann agus ní féidir liom smaoineamh ar aon slí níos fearr chun deireadh a chur leis ná ár dathanna is fearr a chrochadh amach le haghaidh Foireann Éireann.

Go n-éirí an t-ádh le gach duine dár lúthchleasaithe. Tá an tír thar a bheith bródúil asaibh agus ag tabhairt ugaigh daoibh.

CRÍOCH