Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris faoi vóta an Iosrael ar UNRWA
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cáinim go tréan ritheadh na reachtaíochta in Knesset Iosrael a chuireann cosc ar theagmháil idir Stát Iosrael agus UNRWA.
Má chuirtear i bhfeidhm í, beidh sé dodhéanta don UNRWA a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh ar fud an réigiúin, lena n-áirítear ag tabhairt cabhrach daonnúla do dhaoine a bhfuil géarghá leo.
Sáraíonn sé oibleagáidí Iosrael faoin dlí idirnáisiúnta. Sábhálann UNRWA beatha. Muna bhfuil sé in ann a mhisean a chur i gcrích, caillfear daoine a mbeatha.
Oibríonn an UNRWA ar shainordú a thugann na Náisiúin Aontaithe dó. Ba chóir do gach ballstát an reachtaíocht a cháineadh, glaoigh ar Iosrael í a aisghairm láithreach agus a dtacaíocht do UNRWA agus do mhuintir na Palaistíne a mhéadú faoi dhó.
CRÍOCH