Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris faoin Mheánoirthear agus a chruinniú le hArd-Rúnaí na NA
- Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
“Feicimid fós méadú contúirteach agus caillteanas beatha ag tarlú sa Mheánoirthear.
“Cáinim go hiomlán an bhuamáil ar na ceantair shibhialtacha i nDeisceart na Liobáine ag Iosrael agus an lámhach roicéad i dtreo na gceantar sibhialtach in Iosrael ag Hezbollah.
“Tharla caillteanas beatha ar scála uafásach an tseachtain seo, ach fiú ag an bpointe seo, níl sé ró-dheireanach do gach taobh céim siar a thógáil ón mbruach.
“Tá Gaza ina fhothrach agus tá géargá ann cabhair a fháil ón domhan. Dá mbeadh dara brollach oscailte sa Liobáin bheadh tubaiste ann, rud a chuirfimis i mbaol ó chogadh uileghabhálach le hiarmhairtí ollmhóra don réigiún agus don domhan.
“Bhuail mé le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, agus fuair mé coimre agus tuairisc staide ar an misean síochánaíochta i nDeisceart na Liobáine.
“Tá trúpaí Éireannacha ar seirbhís i UNIFIL oilte go maith agus leanann siad gach prótacal. Tá a sábháilteacht thar a bheith tábhachtach, agus dhearbhaigh an tArd-Rúnaí dom go raibh na coinníollacha faoi athbhreithniú leanúnach agus go bhfuil UNIFIL ullmhaithe le haghaidh gach uile chás. D’aontaíomar go gcoimeádfaimis i ndlúth-theagmháil de réir mar a théann an scéal chun cinn.
“Idir an dá linn tá an Rialtas ag impí ar gach sibhialtach Éireannach atá fágtha sa Liobáin imeacht as láithreach. Ba chóir dóibh siúd nach bhfuil ábalta é sin a dhéanamh a chinntiú go bhfuil siad cláraithe le hAmbasáid na hÉireann i gCaireo.”