Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris faoin Seaimpín Oilimpeach Kellie Harrington
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá gaisce déanta agat, a Kellie Harrington.
Thar ceann an Rialtais agus mhuintir na hÉireann is mór an onóir dom é i mo Thaoiseach dom a rá nach bhféadfadh muid a bheith níos bródúla asat.
Ní hamháin go bhfuilimid bródúil asat de bharr gur seaimpín Oilimpeach faoi dhó thú, ach as an gcaoi ar iompar tú thú féin agus an chaoi a ndearna tú ionadaíocht ar do thír.
Táimid ar fad, idir óg agus sean, spreagtha agat.
Tá an bua agus an ceiliúradh seo tuillte agatsa, ag do mhuintir, ag do chóitseálaithe agus ag do phobal.
Tá muintir na hÉireann ar fad ag ceiliúradh leat.
Gaiscíoch amach is amach thú.
CRÍOCH