Ráiteas ón Taoiseach Simon Harris maidir leis an Meánoirthear
- Foilsithe: 1 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
"Is fada mé ag éileamh go gcuirfí sos cogaidh i bhfeidhm láithreach, go scaoilfí gach gialla saor agus go mbeadh rochtain gan bhac ar chabhair do Gaza.
"Anois tar éis beagnach ocht mí de choimhlint agus d'fhulaingt, tá plean ann a chabhróidh linn na spriocanna sin a bhaint amach agus spás a chruthú chun síocháin chóir agus bhuan agus réiteach dhá stát a fhorbairt.
"Iarraim ar na páirtithe go léir machnamh ceart dearfach a dhéanamh ar an bplean a chuir an tUachtarán Biden i láthair.
"Is deis é seo ba chóir a thapú.
"Tá sé i bhfad thar am deireadh a chur leis an bhfulaingt."