English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Rialtais maidir le himeachtaí ceadúnaithe

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 21 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Arna eisiúint ag Preasoifig an Rialtais

Tá srian ar Scataí Móra Daoine Teacht le Chéile ón 24 Márta.

Déanfar tuilleadh comhairle sláinte a nuashonrú roimh an 4 Bealtaine.

Ach, tá roinnt imeachtaí ar scála mór atá beartaithe amach anseo a mbeidh gá le ceadúnú ina leith agus a mbeidh gá go mbeadh baint ag an FSS agus ag an Garda Síochána leo, chomh maith le comhairleoireacht phoiblí mar chuid den phróiseas ceadúnaithe sin a bheidh le cinneadh roimh ré ag údaráis áitiúla.

Cé gur faoi NPHET a bheidh sé cinneadh a dhéanamh ar cheist na srianta maidir le sluaite móra a theacht le chéile amach anseo, chur an Rialtas comhairle ar na húdaráis áitiúla, i gcás na n-imeachtaí áirithe seo agus na tionchair a bheidh ar shláine an phróisis ceadúnaithe sa ghearrthéarma mar gheall ar na srianta atá ann maidir le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a ghlacadh san áireamh, gur cheart tionscnóirí imeachtaí a chur ar an eolas nach ndéanfar imeachtaí a bhfuil níos mó ná 5,000 duine i gceist leo agus a bhfuil ceadúnú de dhíth lena n-aghaidh a bhreithniú don tréimhse go dtí deireadh mhí Lúnasa.

Coinneofar é seo faoi bhreithniú de réir chomhairle níos ginearálta NPHET maidir le sluaite móra a theacht le chéile.

Críoch