English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Rialtais maidir le láimhseáil an Gharda Síochána d’ábhair a bhaineann le Tástáil Alcóil Shainordaitheach agus Fógraí Muirear Seasta

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 28 Márta 2017
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2018

Fuair an Rialtas faisnéis mhionsonraithe ón Tánaiste ar maidin i dtaca leis an nochtadh le déanaí maidir le láimhseáil an Gharda Síochána d’ábhair a bhaineann le Tástáil Alcóil Shainordaitheach agus Fógraí Muirear Seasta.

Thugamar faoi deara freisin na mínithe poiblí ar thug Gardaí sinsearacha le déanaí, lena n-áirítear Coimisinéir an Gharda Síochána.

Bhí siad ar aon intinn sa phlé sin go raibh an nochtadh sin mar chúis le hábhair imní an-tromchúiseacha, ní hamháin i measc ionadaithe poiblí ach i measc an phobail i gcoitinne.

Tá sé ríthábhachtach dár dtír gur féidir leis an Rialtas, an tOireachtas agus gach saoránach muinín a bheith acu i mbaill an Gharda Síochána go ndéanfaidh siad a gcuid dualgas a chomhlíonadh go cothrom agus go neamhchlaonta, agus de réir an dlí.

Tá sé ríthábhachtach go bhféadfaidh an pobal a chreidiúint an staidreamh agus faisnéis eile a sholáthraíonn An Garda Síochána.

Tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaí próiseas athchóirithe a chur i bhfeidhm go dian sa Gharda Síochána, agus go bhfeicfear go gcuirfear i bhfeidhm é, le maoirseacht dhlúth ón Údarás Póilíneachta san áireamh.

Thug an Rialtas réimse athchóirithe tábhachtacha isteach i leith póilíneachta sa Stát le blianta beaga anuas, lena n-áirítear Údarás Póilíneachta a bhunú, cumhachtaí breise don GSOC, níos mó sibhialtachaithe agus earcaíocht oscailte agus soláthar d’acmhainní breise suntasacha.

Tá clár suntasach d'atheagrú inmheánach agus d'athchóiriú inmheánach curtha ar bun ag Coimisinéir an Gharda Síochána, atá faoi mhaoirseacht an Údarás Póilíneachta agus cuireann an Rialtas in iúl arís inniu go bhfuil muinín aige sa Choimisinéir.

Tá sraith de nochtadh do-ghlactha maidir le hoibríochtaí na nGardaí Síochána fós ag teacht chun cinn, agus is é an Tástáil Alcóil Shainordaitheach agus na Fógraí Muirear Seasta na cinn is déanaí. D'ainneoin aon athbhreithnithe inmheánaigh, creideann an Rialtas gur gá imscrúdú seachtrach ar an dá ábhar shonrach seo a dhéanamh.

Creideann an Rialtas go bhfuil an oiread sin imní ar an bpobal anois go bhféidir go mbeadh sé in am anois athbhreithniú críochnúil, cuimsitheach agus neamhspleách a dhéanamh ar an nGarda Síochána ó bhun go barr. Is léir gur togra é sin a mbeidh gá leis an Rialtas breithniú breise mionsonraithe a dhéanamh air.

Creideann an Rialtas freisin go mbeadh tacaíocht fhorleathan an Oireachtais riachtanach d’aon mholadh den sórt sin agus dá réir sin beidh sé mar ábhar comhairliúcháin leis an bhFreasúra, agus faoi réir faomhadh an Oireachtais ar deireadh thiar.

Tiocfaidh an Tánaiste ar ais chuig an Rialtas maidir leis na saincheisteanna seo go léir an tseachtain seo chugainn.