English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Rialtais maidir leis an mBreatimeacht

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 17 Eanáir 2017
  • An t-eolas is déanaí: 24 Deireadh Fómhair 2018

Óráid an Phríomh-Aire May

Thug an Rialtas faoi deara an méid a dúirt an Príomh-Aire May ina hóráid inniu agus cuirimid fáilte roimh an bhfíric go gcuireann sé soiléire níos fearr ar fáil ar an gcur chuige atá beartaithe ag Rialtas na Breataine maidir leis an bpróiseas idirbheartaíochta den Bhreatimeacht.

Chuir an Príomh-Aire May in iúl go soiléir gur mhaith léi an caidreamh eacnamaíoch is cóngaraí is féidir a aimsiú don Bhreatain leis an Aontas Eorpach, sprioc atá ag Éirinn, chomh maith.

Tosaíochtaí Éireannacha

I gcás na hÉireann, níl aon athrú ar na tosaíochtaí don phróiseas idirbheartaíochta atá romhainn: ár socruithe eacnamaíochta agus trádála, Próiseas Síocháin Thuaisceart Éireann lena n-áirítear saincheisteanna teorann, an comhlimistéar taistil, agus todhchaí an Aontais Eorpaigh.

Ina óráid, tharraing an Príomh-Aire aird ar an gcaidreamh sonrach agus stairiúil atá ann idir an Bhreatain agus Éire. Sa chomhthéacs seo, chuir sí in iúl go soiléir go n-áireofaí lena cuid tosaíochtaí an comhlimistéar taistil a choinneáil chomh maith leis an teorainn chrua le Tuaisceart Éireann a sheachaint, agus cuirimid fáilte rompu iad araon.

Tá an t-ailíniú idir ár n-imní maidir leis an ngeilleagar agus an trádáil agus cuspóir na Ríochta Aontaithe de dhlúthchaidreamh, saor ó fhrithchuimilt, eacnamaíoch agus trádála a bheith ag an Ríocht Aontaithe leis an AE, lena n-áirítear le hÉirinn an-tábhachtach freisin.

Tugann an Rialtas dá aire go bhfuil cur chuige na Breataine anois dírithe go daingean ar thír a fhágfaidh an tAontas Eorpach ach a bhfuil sé mar aidhm aige caidreamh dlúth nua a shocrú leis.

Cé go ndéarfadh go leor gur "scor dian" é seo, san anailís a rinneadh ar fud an Rialtais, cumhdaítear gach múnla is féidir maidir le caidrimh na Ríochta Aontaithe leis an Aontas Eorpach sa todhchaí.

Ullmhúchán

Tá ullmhúchán an Rialtais fairsing. Cuireadh athruithe eagrúcháin tábhachtacha i bhfeidhm i Ranna agus i nGníomhaireachtaí Rialtais, le hacmhainní breise curtha ar fáil i bpríomhréimsí.

Áirítear leis an ullmhúchán go dtí seo an obair theagmhasach a rinneadh roimh reifreann na Ríochta Aontaithe, anailís níos déine agus pleanáil cásanna a rinneadh i ngach príomh-earnáil ón am sin i leith, agus comhairliúchán fairsing le páirtithe leasmhara agus rannpháirtíocht lena n-áirítear tríd an bpróiseas Idirphlé Sibhialta uile-oileáin.

Cuireadh tús leis an Idirphlé Sibhialta le seisiún iomlánach an 2 Samhain. Beidh an seisiún iomlánach eile ar siúl an 17 Feabhra. Idir an dá chruinniú iomlánacha seo, reáchtálfar 12 imeacht earnála ina scrúdófar réimsí beartais sonracha ar bhealach níos mionsonraithe freisin.

I saothar an phróisis Idirphlé Sibhialta go dtí seo, athdhearbhaíodh na saincheisteanna tosaíochta a d'aithin an Rialtas.

Tá clár fairsing rannpháirtíochta le gach Rialtas eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus institiúidí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear Tascfhórsa Idirbheartaíochta um Bhreatimeacht de chuid an Choimisiúin, ar siúl. Déantar an rannpháirtíocht seo a dhianú i 2017.

Rannpháirtíocht

Leanfaidh an Taoiseach agus na hAirí ar aghaidh ag tionól lena gcomhghleacaithe san Aontas Eorpach sna seachtainí atá romhainn chun béim a chur ar imní na hÉireann agus chun a chinntiú go bhfuil siad léirithe go hiomlán i seasamh an Aontais Eorpaigh nuair a thosóidh idirbheartaíocht. Déantar an ghníomhaíocht seo a threisiú trí chaidreamh fairsing ag leibhéal taidhleoireachta agus oifigiúil. Tá an Rialtas ar an eolas go cruinn faoi na rioscaí agus na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith ann do gheilleagar na hÉireann agus leanfaidh sé air ag gabháil go hiomlán leis an ngné seo de réir mar a leanann an idirbheartaíocht ar aghaidh.

Tá an Rialtas an-eolach freisin ar na deiseanna eacnamaíocha a d'fhéadfadh a bheith ann d'Éirinn, lena n-áirítear i dtéarmaí infheistíochta soghluaiste. Tá tairiscintí le haghaidh gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh atá lonnaithe i Londain faoi láthair - Bord Leigheasra na hEorpa agus an tÚdarás Baincéireachta Eorpach fógartha cheana féin agus tá gníomhaireachtaí fiontair an Stáit gníomhach ag dul i mbun deiseanna maidir le hinfheistíocht mhéadaithe, gnó agus cruthú post in Éirinn.

Ullmhúcháin Rialtais na hÉireann

Tuigeann an Rialtas go maith nádúr agus scála an dúshláin a bheidh ag an mBreatimeacht.

Ach tá sé réidh:

  • Aithníodh na tosaíochtaí idirbheartaíochta criticiúla.
  • Leanfaidh an clár idirphlé le páirtithe leasmhara ar aghaidh.
  • Coimeádfar faireachas agus rannpháirtíocht maidir le rioscaí agus dúshláin eacnamaíocha.
  • Déanfar deiseanna eacnamaíocha d'Éirinn a shaothrú go bríomhar.
  • Neartófar an dlúthpháirtíocht le Ballstáit eile agus le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh.
  • Déanfaidh Éire caibidlíocht ó sheasamh nirt, mar cheann de na 27 Ballstát atá tiomanta go daingean don Aontas Eorpach.
  • Beidh Éire rannpháirteach go hiomlán sna pléití maidir le treo an Aontais Eorpaigh amach anseo.