Ráiteas an Taoisigh maidir le bás Dermot Gallagher
- Foilsithe: 16 Eanáir 2017
- An t-eolas is déanaí: 23 Deireadh Fómhair 2018
Fearacht bhaill uile an Rialtais, tá dobrón orm cloisteáil faoi bhás Dermot Gallagher.
Tírghráthóir agus státseirbhíseach den chéad scoth ab ea Dermot Gallagher a léirigh na suáilcí is fearr a bhaineann le hÉirinn agus le muintir na hÉireann. Fear ardintleachtúil ab ea Dermot ach má ba ea, bhí sé umhal. Bhí uaisleacht agus croíúlacht ag baint leis nach mbaineann le mórán. Ó thús deireadh a ghairme beatha, bhain sé gaisneas as a chuid teagmhálacha agus a chuid údaráis chun leas na ndaoine. Ba iontach an daonnacht agus an cineáltas a léirigh sé dóibh siúd is mó a bhí ina ngátar.
Éireannach go smior a bhí ann; fear teaghlaigh agus é bródúil as a fhód dúchais, Contae Liatroma. Rith sruthanna Liatroma trína chuislí. Is minic a deireadh Dermot
"is fearr an tsláinte ná na táinte".
Dá dtiocfaidís ina dtáinte féin, níor leor an méid is lú dá mbeadh acu i gcomórtas leis an gcríonnacht, an ghnaíúlacht agus an cineáltas a roinn leis féin mar dhuine.
Méala mór bás Dermot Gallagher agus is mór an chailliúint é do shaol poiblí na tíre. Is boichte de thír í Éire inniu de bharr a bháis. Déanaim comhbhrón lena theaghlach, lena chairde agus lena chomhghleacaithe ag an am brónach seo. Dermot, ár gceol thú.
Críoch