English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoi Stoirm Éowyn

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 25 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na foirne éigeandála agus na freagróirí atá ag obair go dian dícheallach chun an chumhacht a thabhairt ar ais, na bóithre a ghlanagh agus cabhair a thabhairt leo siúd a ndeachaigh léirscrios Stoirm Éowyn i bhfeidhm orthu.

Tá an léírscrios a tharla de thoradh cuid de na gaotha is láidre ar taifead nach raibh a leithéid ann riamh cheana, agus tá cuid ollmhór oibre ag teastáíl fós le déanamh sna laethanta atá le teacht chun leictreachas, uisce agus cumarsáid a thabhairt ar ais do na céadta míle duine.

Táim buíoch as na hiarrachtaí a rinne na hiliomad gníomaireachtaí stáit chun cabhrú leo siúd a bhfuil an gá is mó acu leis, agus tuigimid cé chomh crua is atá sé do thithe agus do ghnólachtaí ar fud an oileáin.

Is iarracht í seo a ghlacann an Rialtas páirt ann ina iomlán, lena n-áirítear Bord Soláthair an Leictreachais, EirGrid, Uisce Éireann, Údaráis Áitiúla, Óglaigh na hÉireann, Cosaint Shibhialta, an NPWS, Coillte agus eile.

Chuir Cathaoirleach an Ghrúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandála ar an eolas mé faoin scéal, a bhuailfidh le chéile arís inniu, agus tá gach iarracht á déanamh chun línte tarchurtha ard-voltais a chur ar bun, tithe a athcheangail agus soláthairtí uisce a chur ar fáil arís.

Déanfaidh mo Rialtas measúnú iomlán ar an gcás sna laethanta atá le teacht chun a fháil amach cad iad na tacaíochtaí is féidir linn a thairiscint do dhaoine agus do ghnólachtaí atá gafa tar éis na stoirme seo.