Ráiteas an Taoisigh Simon Harris
- Foilsithe: 27 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is léiriú breise é an t-ionsaí is déanaí seo ar scoil ag arm Iosrael ar fhoréigean brúidiúil, chomhfhiosach.
Tá sé mídhaonna agus suarach díriú ar cheantar ina bhfuil teaghlaigh díláithrithe.
Leanann Iosrael ar aghaidh ag úsáid fórsa atá díréireach agus tá sé ag glacadh páirt i gcogadh a bhfuil an leibhéal báis agus gortaithe sibhialtach, go háirithe do leanaí do-ghlactha.
Glaoim arís go ndéanfaí sos comhairc láithreach, go scaoilfí saor gach gialla agus go mbeadh rochtain gan bhac ar chúnamh ag teacht isteach go Gaza.
Ní mór deireadh a chur leis an doirteadh fola agus an fhulaint.
CRÍOCH.