Ráiteas an Taoisigh Simon Harris
- Foilsithe: 5 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Déanann an Taoiseach Simon Harris comhghairdeas le Michel Barnier as a cheapachán mar Phríomh-Aire na Fraince.
“Bhí mé i dteagmháil le Michel Barnier an tráthnóna seo chun é a threaslú as a cheapachán mar Phríomh-Aire na Fraince.
Tá aithne an-mhaith ag muintir na hÉireann ar Michel as a ról i gceannas ar an idirbheartaíocht don AE i rith Brexit. Eorpach tiomanta is ea é, cara mór d’Éirinn, agus is polaiteoir de shubstaint agus de thaithí é.
Guím gach rath air agus é ag dul i mbun a ról ag an uair thábhachtach seo agus tá mé ag súil le bheith ag obair leis, le hUachtarán Macron, agus le Rialtas na Fraince.”
CRÍOCH.