Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar an gcéad chuimhneachán d’ionsaithe Hamas ar Iosrael
- Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis bliana, tá ionsaí sceimhlitheoireachta gan idirdhéalú Hamas ar Iosrael agus na hIosraelaigh chomh huafásach agus chomh scáfar anois ná an t-am a tharla sé. Ní féidir linn agus ní dhéanfaimid dearmad go deo air.
Ní féidir linn ach oiread, cur suas, am ar bith, le saol ina gcuirtear sibhialtaigh faoi réir an fhoréigin is brúidiúla go córasach ina dtithe, ná go ndéantar sceimhlitheoireacht ar dhaoine óga anamúla síochánta ag féile ceoil ná iad a dhúnmharú ná a fhuadach.
Is gníomhartha suarach agus coiriúla iad, thar aon chiall ar dhaonnacht nó cuibheas.
Cáinim iad amach is amach agus gan leisce dá laghad.
Ar an lá is dólásaí seo, tá mo smaointe agus mo chomhbhrón le teaghlaigh agus le cairde na ndaoine go léir a dúnmharaíodh go brúidiúil agus leo siúd go léir a d’fhulaing agus a gortaíodh.
Tá siad go háirithe le teaghlaigh agus le cairde dóibh siúd atá fós coimeádta ina ngiall. D’fhulaing siad tromluí doshamhlaithe.
Glaoim, don athuair, go gcaithfear gach giall atá fágtha a scaoileadh saor láithreach agus gan coinníollacha.
Mar Éireannaigh, cuimhnímid go háirithe ar Kim Danty, bean óg Éireannach-Iosraelach a bhfuil meangadh álainn uirthi agus a saol go léir roimpi. Coinnímid a cuimhne inár gcroíthe.
Guímid ár dea-mhéin ar Emily Hand agus a clann, agus tá súil againn go leanfaidh a téarnamh chun cinn. Níor cheart go deo go bhfulaingeodh aon leanbh taithí den sórt a ndeachaigh sí tríd.
Ní mór iad siúd atá freagrach as gníomhartha an 7 Deireadh Fómhair a choinneáil cuntasach.
Smaoinímid freisin ar an gcailliúint ollmhór beatha agus an fhulaingt dhomhain a tharla le bliain anuas.
Tá an luach céanna ag beatha gach sibhialtach. Tá an fhulaingt a thagann as bás an té ab ansa linn mar an gcéanna, cibé duine sinn.
Guím síocháin, slándáil agus dóchas ar mhuintir Iosrael, ar an bPalaistín agur ar an Meánoirthear.
Tá sé de dhualgas orainn mar cheannairí ómós a thabhairt de chuimhne dóibh siúd a cailleadh agus sinn féin a ath-thiomnú do phróiseas polaitiúil a chruthú a fhéadfaigh síocháin chóir agus bhuan a sheachadadh.
CRÍOCH