English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar bhás Justin Kilcullen

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 16 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Is le fíor-bhrón a chuireadh ar an eolas mé faoi bhás Justin Kilcullen.

Fear macánta a bhí i Justin a chaith a shaol ag déanamh gníomhartha ar son na maitheasa.

Ar feadh breis is 30 bliain bhí sé i gceannas ar Trócaire agus d’oibrigh sé ón talamh aníos ar a mhisin i gcuid de na tíortha is boichte ar domhan le pobail ag streachailt chun bochtaineacht agus ansmacht a shárú.

Bhíodh muintir na hÉireann an-bhródúil ar fad i gconaí as obair Trócaire agus is mór an chúis leis sin ná ceannasaíocht Justin.

Throid sé ar son dínit gach aon duine agus níor stop sé ag iarraidh domhan ní ba chothroime a bhaint amach. Bhí tionchar aige ar smaointeoireacht na hÉireann agus ar deireadh thiar ar bheartas Rialtas na hÉireann tríd na céadta uaireanta abhcóideachta agus rannpháirtíochta agus trí sheirbhís thiomanta ar an tascfhórsa ocrais.

Dá bhean chéile Justin, Róisín, dá iníon Ruth agus dá mhic Eoin agus Michael, tá brón orm as bhur gcailliúint.

Trí chroí cneasta agus saothar paiseanta dícheallach Justin Kilcullen, tá feabhas tagtha ar an saol. Ní féidir leagáid níos fearr a bheith ann.

Suaimhneas síoraí dá anam.