Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar bhás Nell McCafferty
- Foilsithe: 21 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 21 Lúnasa 2024
Is le brón mór a d’fhoghlaim mé ar maidin faoi bhás an iriseora agus fheachtasóra Nell McCafferty.
Bhí Nell fíochmhar, neamhfhaiteach agus teasaí. Má bhí sí sa seomra nó sa díospóireacht, bhí a fhios agat go raibh sí ann.
Ní raibh a paisean ná a fearg cosúil le gunna scaipthe, bhí fócas ag baint leis cosúil le léas léasair agus í ag glaoch amach éagothroime agus éagóir. Níor fhulaing sí amadán ach bhí cineáltas agus teas aici do mhórán daoine. Níorbh fhéidir neamhaird a dhéanamh dá dea-chaint agus dá nathaíocht Dhoire.
Mar dhuine de na mná a chuaigh ar an traein i 1971, chuir sí tús le tonn nárbh fhéidir stad a chur leis le haghaidh comhionannais agus Éire a athrú chun feabhais. Níl an t-athrú sin tagtha chun críche fós ach ní bheadh aon dul chun cinn ann muna mbeadh laochra ann cosúil le Nell.
I dtír mar Éireann a bhí ag iarraidh teacht amach as na scáthanna agus a féiniúlacht a aimsiú, bhí Nell McCafferty ar dhuine de na daoine a raibh a fhios acu cérbh í agus nach raibh eagla uirthi páirt a ghlacadh i ngach cath ar son cearta daoine aeracha agus ban. Táimid go léir go mór faoi chomaoin aici as seo.
D’fhág sí Éire agus an saol inti i bhfad níos fearr ná an uair a tháinig sí ar an saol, ár mbuíochas di as an méíd a rinne sí, agus d’imir sí a páirt le spiorad agus le stíl.
Suaimhneas síoraí di.
CRÍOCH.