English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar bhás Paddy Cole

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 22 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Ábhar mór bróin é domsa bás laoch an cheoil agus na seó-bhannaí, Paddy Cole.

Ba cheoltóir eisceachtúil agus taibheoir tréitheach é Paddy, duine an-chairdiúil a bhí ann nár éirigh sean riamh cé go raibh sé cúig bliana is ochtó.

Is dochreidthe iad na heachtaí a bhain sé amach agus ba bheagnach dásachtacha iad a chuid eachtraí, rudaí a bhfuil léirithe go soiléir ina bheathaisnéis iontach dar teideal King of the Swingers.

Ba bheag nár bhí sé ina bhúistéir nuair a bhí sé óg, ach bhí dúil mhór aige sa sacsafón agus sa snagcheol agus an stíl cheoil sin fite fuaite lena chlann i mBaile an Lorgan.

Bhí se de nós aige magadh go bhfuil daoine ann a raibh pribhléid acu ónár rugadh iad nó daoine a rugadh le ‘silver spoons’ sa bhéal acu mar a deirtear i mBéarla, ach sí an fhirínne ná gur rugadh Paddy le sacsafón airgid. I measc na ndaoine a thaithin leo a chuid ceol ná Elvis, a tháinig go Las Vegas cúpla uair chun Paddy a fheiceáil ar an stáitse.

Craoltóir iontach a bhí ann chomh maith ar theilifís RTÉ agus níos déanaí ar raidió na deireadh seachtaine mar láithreoir ar an Paddy Cole Show, seó-raidió den chéad scoth mar gheall ar sprioad an chairdis agus an draíocht a bhain leis.

An rud is mó a thaitin leis i gcónaí ná a bheith ar an stáitse, rud a bhí de nós aige fós a dhéanamh agus é ina ochtóidí.

Sna blianta beaga anuas, labhair Paddy le dínit agus é ag fulaingt le hailse agus deirimse lena bhean chéile, Helen, a pháistí agus lena chlann agus cairde uilig agus le achan duine a raibh grá acu dó nó a raibh meas acu air, is oth liom do bhris.

Ar dheis Dé go raibh a anam.