Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar chúrsaí sa Mheánoirthear
- Foilsithe: 11 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis an méid a tharla ag an deireadh seachtaine seo tá an chloch mhíle fuafar de 40,000 bás in Gaza tagtha céim níos gaire.
Tá fianaise ag dul i méid go bhfuil tubaiste dhaonnúil fhada ann, agus is cúis mhór imní dom deimhniú de chuid na Náisiún Aontaithe, an deireadh seachtaine seo, nach bhfuil ach a leath den mhéid cúnaimh atá á sheacadadh ag sroicheadh Gaza, ó mheán laethúil de 169 trucail í mí Aibreáin síos go níos lú ná 80 trucail sa lá í mí an Mheithimh agus í mí Iúil.
Deir an Oifig um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla freisin nach bhfuil ach 24 de 67 misean cúnaimh a bhí socraithe d’thuaisceart Gaza an mhí seo éascaithe ag Iosrael.
Tá sé measúnaithe ag na Náisiúin Aontaithe freisin go bhfuil 80 faoin gcéad de Stráice Gaza faoi orduithe aslonnaithe ó mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite.
Nuair a ordaítear do dhaoine imeacht, níl aon áit acu le dul, mar sin is minic a théann siad chuig scoileanna.
Tá buamáil nó damáiste déanta do 490 scoileanna Gaza ó thus an chogaidh, agus is léanmhar uafásach iad íomhanna an deireadh seachtaine seo ó lastigh de scoil al-Taba’een. Cáineann Éire go hiomlán an caillteanas uafásach de bheatha na sibhialtach.
Tá géargá le sos comhraic, agus ní mór do gach taobh oibriú láithreach le dea-intinn chun é a bhaint amach.
Ba mhór an scéin a bhí ionainn go léir an iliomad coireanna cogaidh atá gan amhras déanta in Gaza.
Ní féidir an éagóir seo a ligean gan phionós.
Ní mór iad siúd atá freagrach as a choinneáil cuntasach.
Ní mór na horduithe ar fad atá ceangailteach ó thaobh dlí de chuid an ICJ a chur i bhfeidhm ina n-iomláine freisin.
Tá an iomarca beatha neamhchiontach cailte le 10 mí anuas.
Tá an saol mór ina sheasamh ar bhruach aille de nóiméad scáfar millteanach, ach fós ní úsáidtear gach luamhán chun críoch a chur leis an bhforéigean.
Glaoim arís go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar Chomhaontú Comhlachais AE-Iosrael.
Tá clásail cearta daonna sa gComhaontú, agus ní chreidim go bhfuil sé scrupallach don AE leanúint ar aghaidh agus iad a choiméad gan úsáid a bhaint astu. Iarann Éire sos comhraic láithreach, scaoileadh na ngiall Iosraelach gan choinníoll, agus sreabhadh trucailí cúnaimh a ligean isteach gan bhac.
Críoch.