English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Simon Harris ar insealbhú an Uachtaráin Trump

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 20 Eanáir 2025
  • An t-eolas is déanaí: 21 Eanáir 2025

Déanaim comhghairdeas ó chroí leis an Uachtarán Donald Trump ar a inshealbhú inniu agus guím gach rath air ina théarma oifige.

Is uair an-tábhachtach í seo d’Uachtarán Trump go pearsanta agus do na Stáit Aontaithe. De réir mar a théann lóchrann an daonlathais ar aghaidh go síochánta ó cheannaire amháin chuig an chéad cheann eile, seolaim mo dhea-mhianta chuige, agus chuig muintir na Stát Aontaithe.

Tá an Rialtas ag súil go mór le comhoibriú le hUachtarán Trump agus a lucht riaracháin sna míonna agus sna blianta atá le teacht.

Agus dá bharr sin, beimid ag cur leis an gcaidreamh láidir, marthanach, dinimiciúil atá idir ár dá thír, caidreamh a tharraingíonn láidreacht ónár ndlúthbhaint dhomhian, stairiúil muintir-le-muintir, tacaíocht na SA le síocháin ar an oileán seo, chomh maith lenár gcaidreamh eacnamaíoch atá ag dul i méid agus a mbíonn tairbhe ann don dá thaobh.

Tá go leor dúshlán os comhair an tsaoil, coinbhleacht, athrú aeráide, bagairtí don daonlathas, agus an gá atá ann chun fás eacnamaíoch agus cobhsaíocht a chinntiú san áireamh. Mar is gnáth, beidh ceannaireacht na SA riachtanach má táimid le tabhairt faoi na dúshláin seo le chéile agus chun teacht i dtír orthu.

Go deimhin, ní strainséír é an tUachtarán Trump d’Éirinn, i ndiaidh dó cuairt a thabhairt ar an tír roinnt ama. Tá infheistíocht curtha isteach aige sa tír seo agus ina muintir, lena naisc iontacha gailf i nDún Beag. Tá súil agam go mbeidh deis againn fáilte a chur roimhe le linn a théarma oifige.