Ráiteas an Taoisigh Simon Harris faoi shos comhraic Gaza
- Foilsithe: 19 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
"Cuirim fáilte roimh theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sos comhraic idir Iosrael agus Hamas, a thugann dóchas i ndiaidh 15 mhí brúidiúla cogaidh.”
"Inniu, tabharfar clanna ar ais le chéíle lena ngaolta tar éis a bheith fuadaithe agus a gcoinneáil ina ngialla i ndiaidh ionsaí uafásach Hamas ar an 7ú Deireadh Fómhair, 2023.”
"Molaim don dá thaobh meas a bheith acu ar théarmaí an chomhaontaithe sos comhraic agus é a chur i bhfeidhm le dea-intinn.”
"Cuirim fáilte roimh scaoileadh saor na chéad trí ghiall.”
“Ní mór go scaoilfear saor an chuid eile de na gialla. D’fhulaing siad agus a dteaghlaigh agus a gcairde croíbhriste i bhfad ró-fhada. Tá a ngéibheann forfeidhmithe do-ghlactha amach is amach.”
"Ní mór go ligfear muintir Gaza, a d’fhulaing anró agus tráma doshamhlaithe, filleadh abhaile agus tús a chur lena saolta a athógáil.”
"Caithfidh go mbeadh méadú láithreach sa gcúnamh daonnúil a bhfuil géargá leis do mhuintir Gaza. Fáiltím gur thosaigh na chéad trucailí cúnaimh na NA ag teacht isteach go Gaza. Ní mór go leanfaidh an rochtain seo ar aghaidh gan bhac agus i méideanna méadaithe.”
“Ní foláir go n-aistrofaí dóchas an shos comhraic seo anois ina n-iarrachtaí chun stad iomlán a chinntiú maidir leis an troid agus oibriú i dtreo síocháin buan. Is réiteach dhá stát é an tslí chun síocháin agus comhsaíocht a thabhairt sa Mheánoirthear.”
"Ba mhaith le hÉirinn Stát Iosrael agus Stát na Palaistíne a fheiceáil ag maireachtáil taobh le taobh i síocháin agus slándáil.”
"Déanfaidh Éire a páirt i dtacú leis an bpobal idirnáisiúnta chun a chinntiú gurb é seo an tslí chun tosaigh."
CRÍOCH