Ráiteas an Taoisigh Simon Harris faoin gcás sa Mheánoirthear
- Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Is ábhar mhórimní don Taoiseach Simon Harris an méadú i ngníomhartha míleata ar an teorainn Iosraelach-Liobáin agus iarann sé ar gach taobh tarraingt siar ó bhruach chogaidh iomlán:
“Is ábhar mhórimní domsa an bombardú a tharla thar oíche ar Dheisceart na Liobáine, an méid ollmhór dhaoine a chaill a mbeatha ansin dá réir mar a thuairiscíodh agus an scáil dhorcha atá ag éirí aníos maidir le dara brollach tubaisteach sa chogadh sa Mheánoirthear”.
Bhí an Taoiseach ag labhairt ag na Náisiúin Aontaithe (NA) i Nua-Eabhrac, áit a bhfuil sé tabhairt aitheasc ag imeacht “Sábháil na Páistí” taobh le Banríon na Iordáine agus Príomh-Airí na Beilge agus na Slóivéine chomh maith leis an Ard-Stiúrthóir Faoisimh na Náisiún Aontaithe agus Gníomhaireacht Oibreacha do Dhídeanaithe na Palaistíne sa Neasoirthear.
“Sa tseachtain seo, bailíonn an domhan le chéíle ag na NA chun síocháin agus oibriú le chéile a phlé, agus ag an am céanna tá an Meánoirthear ar tí tuilleadh tubaiste daonna. Ní mór cogadh iomlán a sheachaint ar gach costas. Beidh mé ag baint úsáid as an gcaidreamh go léir a dhéanann mé ag na NA chun béim a chur ar an bpointe seo agus tacaím go hiomlán leis an achomharc ó Uachtarán Biden thar oíche go mbeadh sé sin mar fhócas ag gach taobh”.
Dúirt an Taoiseach sa bhreis go bhfuil sé ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar an gcás le trúpaí Éireannacha atá ar seirbhís i nDeisceart na Liobáine:
“Tá an Rialtas ag fáil tuairiscí rialta uas-go-dáta, agus bíonn an Ceann Foirne agus Óglaigh na hÉireann i dteagmháil agus ag déanamh monatóireachta ar na forbairtí. Tá ár trúpaí i UNIFIL oilte go maith agus is é príomhábhar ár gcúram a sábháilteacht.”
Bualfaidh an Taoiseach le roinnt ceannairí Rialtais agus Stáit ón Meánoirthear ag na NA.
CRÍOCH