English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Simon Harris tar éis glao gutháin le Príomh-Aire na Gréige

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

‘Labhair mé aréir le Príomh-Aire na Gréige Kyriakos Mitsotakis chun a chur in iúl dó go bhfuil Éire ag seasamh gualainn ar ghualainn le muintir na Gréige in aghaidh na dtinte fiáine fíochmhara.

Mhol mé chomh maith obair chróga an breis is 700 comhraiceoir tinte a shábháil beatha agus maoin le laethanta anuas trí na tinte fiáine a choinneáil siar.

Chuir an tAontas Eorpach Meicníocht um Chosaint Shibhialta an AE i bhfeidhm trínar cuireadh comhraiceoirí tinte agus trealamh ó cheann ceann an AE chuig an nGréig.

Áirítear leis seo dhá eitleán comhraicthe tinte rescEU, héileacaptar rescEU agus héileacaptar a thairg an tSeirbia.

Cuireann Éire leis an Meicníocht um Chosaint Shibhialta chun ullmhú roimh ré agus chun cabhair a thabhairt le tubaistí mar seo.

Ghabh an Príomh-Aire Mitsotakis buíochas le hÉirinn as ár ndlúthpháirtíocht a thaispeáint agus d’aontaíomar go bhfanfaimis i dteagmháil.’

CRÍOCH.