Ráiteas maidir le bearta sláinte poiblí COVID-19 – an 19 Deireadh Fómhair 2021
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Inniu, i ndiaidh comhairle sláinte poiblí a fháil, chomhaontaigh an rialtas nach mbeifear in ann na gnéithe atá fanta den earnáil fáilteachais, siamsaíochta agus geilleagair oíche a oscailt ach amháin an réimse iomlán bearta cosanta bheith i bhfeidhm agus an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) a chur i bhfeidhm go forleathan agus go tréan. Trí sin a dhéanamh, beimid in ann leanúint ar aghaidh go cúramach leis an bplean don tír maidir leis an gcéad chéim eile dár bhfreagra ar an bpaindéim COVID-19.
Tá rátaí ionfhabhtaithe COVID-19 ag méadú arís mar aon leis an líon othar in ospidéil agus in Aonaid Dianchúraim. Mar sin féin, a bhuíochas don obair chrua agus don tacaíocht eisceachtúil a thug muintir na hÉireann don Chlár Vacsaínithe, táimid in ann leanúint dár gcur chuige cúramach agus céim ar céim i leith oscailt arís.
Beidh orainn monatóireacht a dhéanamh ar an riosca leanúnach a bhaineann leis an ngalar, lena n-áirítear trí thástáil agus trí rianú teagmhálaithe de réir mar is cuí.
Beidh orainn ar fad céimeanna a ghlacadh inár saol laethúil ar bhonn indibhidiúil agus i dteannta a chéile chun an riosca seo a choinneáil faoi smacht, go háirithe trí:
- ghníomhú go mear, féinleithlisiú agus tástáil a dhéanamh má tá airíonna orainn
- cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí
- a chinntiú go bhfuil spásanna laistigh aeráilte go maith
- coinneáil le scaradh sóisialta leordhóthanach nuair is cuí
- ár gcasachtaí agus sraothanna a chlúdach agus ár lámha a choinneáil glan
Bearta atá i bhfeidhm ón 22 Deireadh Fómhair
I gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí, ní bheifear in ann na gnéithe atá fanta den earnáil fáilteachais, siamsaíochta agus geilleagair oíche a oscailt ach amháin an réimse iomlán bearta cosanta bheith i bhfeidhm agus an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) a chur i bhfeidhm go forleathan agus go tréan. Is féidir leanúint ar aghaidh le laghdú tuilleadh ar na srianta atá beartaithe don 22 Deireadh Fómhair trí shíneadh ama a chur le roinnt idirghabhálacha neamhchógaisíochta lena n-áirítear úsáid a bhaint as an bpas COVID-19 (de réir mar a leagtar amach thíos) i bhfianaise an leibhéal ard den ghalar sa phobal i láthair na huaire agus an treocht éiginnte a bhaineann leis an ngalar.
Áirítear leis na bearta cosanta:
- riachtanas maidir leis an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) (deimhniú vacsaínithe nó téarnaimh) i ndáil le fáilteachas agus imeachtaí laistigh
- scaradh sóisialta
- maisc aghaidhe (ar féidir iad a bhaint chun bia nó deochanna a chaitheamh de réir mar is cuí)
- seirbhís ag an mbord amháin i dtimpeallachtaí fáilteachais (uasmhéid de 10 duine fásta in aghaidh an bhoird, agus uasmhéid de 15 duine agus leanaí á gcur san áireamh)
- sonraí maidir le rianú teagmhálaithe a bhailiú
- i gcás imeachtaí beo ceoil, drámaíochta, siamsaíochta beo agus spóirt laistigh, ba chóir don lucht féachana ar fad bheith ina shuí (agus cead á thabhairt duit seasamh ag do shuíochán)
- déanfar treoir earnála shonrach a fhorbairt do chlubanna oíche ina leagfar amach bearta cosanta cuí. Beidh pasanna COVID-19, bailiú sonraí maidir le rianú teagmhálaithe agus caitheamh maisc aghaidhe i gceist leis sin ach amháin nuair atáthar ag ithe, ag ól nó ag damhsa
- ní bheidh feidhm ag pasanna COVID-19 ná ag teorainneacha toillte daingnithe i gcás imeachtaí lasmuigh. Mar sin féin, ba chóir go gcinnteodh na hearnálacha go bhfuil na bearta cosanta cuí i bhfeidhm
- ba chóir do lucht eagraithe gníomhaíochtaí grúpa laistigh agus lasmuigh a chinntiú go bhfuil bearta cosanta cuí i bhfeidhm, agus i gcás ina bhfuil meascán de dhaoine atá vacsaínithe agus nach bhfuil vacsaínithe i ngrúpaí laistigh, ba chóir meithleacha ina bhfuil seisear a chur i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag teorainneacha toillte daingnithe maidir leis na gníomhaíochtaí grúpa seo laistigh agus lasmuigh
- is féidir dul ar aghaidh le seirbhísí creidimh agus le bainiseacha gan teorainneacha toillte ach caithfear na bearta cosanta eile ar fad a chur i bhfeidhm
- fillfear ar an láthair oibre ar bhonn céimnithe agus ar bhealach cúramach i gcás riachtanais ghnó ar leith
Déanfar treoir agus prótacail a bhaineann go sonrach leis an earnáil, lena n-áirítear maidir le hobair, fáilteachas, imeachtaí cultúir agus spóirt, a athbhreithniú agus a láidriú de réir mar is cuí. Is trí na comhlachtaí ábhartha, agus trí chumarsáid níos leithne a dhéanamh leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara, a threiseofar gníomhaíochtaí maidir le comhlíonadh. Tionólfar cruinniú den Fhóram Rialtóirí chun tuilleadh plé a dhéanamh leis na ranna agus gníomhaireachtaí ábhartha.
Teanndáileoga
Mhol an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonacht (NIAC) go gcuirfí teanndáileog den vacsaín Comirnaty® (Pfizer) ar fáil do gach duine idir 60 agus 79 a bhfuil an príomhchúrsa d’aon vacsaín COVID-19 críochnaithe acu. B’fhearr an teanndáileog a thabhairt sé mhí (le heatramh íosta 5 mhí) i ndiaidh an príomhsceideal vacsaínithe a chríochnú.
Oibreoidh an Roinn Sláinte agus HSE chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Leanfaidh NIAC d’iniúchadh a dhéanamh ar fhianaise nua maidir le teanndáileoga i ngrúpaí eile.
Tástáil antaigine
Tá an méid seo a leanas molta ag NPHET:
- faoi réir féidearthacht oibríochta, ba chóir do HSE clár tástála antaigine maidir le COVID-19 a chur i bhfeidhm (le dearbhú PCR i ndáil le cásanna deimhnithe) do dhaoine a aithnítear a bheith ina ndlúth-theagmhálaí iomlán vacsaínithe de chás deimhnithe agus nach bhfuil aon airíonna orthu
- ba chóir iarraidh ar an Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil tuairim a thabhairt faoin úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as féintástáil dheonach i gcás daoine aonair aisiomptómacha a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi iompraíochtaí agus gníomhaíochtaí ardriosca, ar nós dul chuig clubanna oíche
- ba chóir iarraidh ar an Sainghrúpa Comhairleach maidir le Mearthástáil iniúchadh a dhéanamh ar an ról agus an indéantacht a d’fhéadfadh bheith i gceist le mearthástáil mar chomhpháirt de phas COVID-19 i gcás daoine nach raibh in ann bheith iomlán vacsaínithe ar chúiseanna liachta
Sochar Breoiteachta
Beidh na socraithe reatha i ndáil le híocaíocht sochair breoiteachta feabhsaithe do COVID-19 i bhfeidhm go fóill. Tá an sochar seo ar fáil ag an ráta €350 in aghaidh na seachtaine, gan aon laethanta feithimh ag baint leis, i gcás fostaithe agus daoine féinfhostaithe atá deimhnithe ag lia-chleachtóir cláraithe a bheith diagnóisithe le COVID-19 nó a bheith ina bhfoinse dóchúil ionfhabhtaithe COVID-19.
Taisteal Idirnáisiúnta
- leanúint de na hoibleagáidí a cuireadh ar thaistealaithe fianaise de thoradh tástála PCR bailí a chur ar fáil roimh bhordáil, seachas sa chás go bhfuil siad díolmhaithe (ar nós daoine vacsaínithe nó daoine atá tagtha chucu féin nó leanaí faoi bhun 12 bliain d’aois) agus leanúint den oibleagáid atá ar iompróirí torthaí tástála PCR a sheiceáil agus bordáil a dhiúltú do phaisinéirí nuair nach bhfuil doiciméad inghlactha acu chun leanúint ar aghaidh
- éileofar ar dhaoine nach bhfuil tástáil PCR acu ar theacht isteach go hÉirinn dóibh (seachas sa chás go bhfuil siad díolmhaithe trí vacsaíniú nó téarnamh, mar shampla) tástáil a dhéanamh laistigh de 36 uair ar theacht isteach dóibh agus an fhianaise a chur faoi bhráid An Garda Síochána
- leanfar den riachtanas i ndáil le ePLF (Foirm Aimsithe Paisinéirí) comhlánaithe ach ba chóir na hoibleagáidí atá ar phaisinéirí maidir le seoladh agus sonraí teagmhála nuashonraithe a chur ar fáil a aisghairm
- ní mheastar an córas coraintín éigeantach óstáin a bheith riachtanach a thuilleadh agus cuirfear deireadh leis
- cuirfear deireadh le riachtanais éigeantacha i leith coraintín baile
Bearta sláinte poiblí a thiocfaidh i bhfeidhm Dé hAoine an 22 Deireadh Fómhair
I gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí, ní bheifear in ann na gnéithe atá fanta den earnáil fáilteachais, siamsaíochta agus geilleagair oíche a oscailt ach amháin an réimse iomlán bearta cosanta bheith i bhfeidhm agus an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) a chur i bhfeidhm go forleathan agus go tréan
Is féidir leanúint ar aghaidh le laghdú tuilleadh ar na srianta atá beartaithe don 22 Deireadh Fómhair trí shíneadh ama a chur le roinnt idirghabhálacha neamhchógaisíochta lena n-áirítear úsáid a bhaint as an bpas COVID-19 (de réir mar a leagtar amach thíos) i bhfianaise an leibhéal ard den ghalar sa phobal i láthair na huaire agus an treocht éiginnte a bhaineann leis an ngalar.
Áirítear leis na bearta cosanta:
- riachtanas maidir leis an Deimhniú Digiteach COVID AE (pas COVID-19) (deimhniú vacsaínithe nó téarnaimh) i ndáil le fáilteachas agus imeachtaí laistigh
- maisc aghaidhe (ar féidir iad a bhaint chun bia nó deochanna a chaitheamh de réir mar is cuí)
- seirbhís ag an mbord amháin i dtimpeallachtaí fáilteachais (uasmhéid de 10 duine fásta in aghaidh an bhoird, agus uasmhéid de 15 duine agus leanaí á gcur san áireamh)
- sonraí maidir le rianú teagmhálaithe a bhailiú
- i gcás imeachtaí beo ceoil, drámaíochta, siamsaíochta beo agus spóirt laistigh, ba chóir don lucht féachana ar fad a bheith ina shuí (agus cead á thabhairt duit seasamh ag do shuíochán)
- déanfar treoir earnála shonrach a fhorbairt do chlubanna oíche ina leagfar amach bearta cosanta cuí. Beidh pasanna COVID-19, bailiú sonraí maidir le rianú teagmhálaithe agus caitheamh maisc aghaidhe i gceist leis sin ach amháin nuair atáthar ag ithe, ag ól nó ag damhsa
- Ní bheidh feidhm ag pasanna COVID-19 ná ag teorainneacha toillte daingnithe i gcás imeachtaí lasmuigh. Mar sin féin, ba chóir go gcinnteodh na hearnálacha go bhfuil na bearta cosanta cuí i bhfeidhm
- ba chóir do lucht eagraithe gníomhaíochtaí grúpa laistigh agus lasmuigh a chinntiú go bhfuil bearta cosanta cuí i bhfeidhm, agus i gcás ina bhfuil meascán de dhaoine atá vacsaínithe agus nach bhfuil vacsaínithe i ngrúpaí laistigh, ba chóir meithleacha ina bhfuil seisear a chur i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag teorainneacha toillte daingnithe maidir leis na gníomhaíochtaí grúpa seo laistigh agus lasmuigh
- Is féidir dul ar aghaidh le seirbhísí creidimh agus le bainiseacha gan teorainneacha toillte ach caithfear na bearta cosanta eile ar fad a chur i bhfeidhm
- Fillfear ar an láthair oibre ar bhonn céimnithe agus ar bhealach cúramach i gcás riachtanais ghnó ar leith