English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas maidir le Sráid an Mhóta

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá comhoibríocht ar siúl idir an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtaíochta agus Óige, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar Sráid an Mhóta, Baile Átha Cliath.

Is é cuspóir na hoibríochta ná gluaiseacht shábháilte a chinntiú de dhaoine atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta ó phubaill ar Sráid an Mhóta chuig cóiríocht atá ainmnithe ag an tSeirbhís Chóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS). Solathraíonn an tSeirbhís Chóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS) leithris agus cithfholcadáin; seirbhísí sláinte; limistéir laistigh atá bia le fáil; áiseanna chun gutháin agus gléasanna pearsanta a luchtú; rochtain d’iompar chuig agus ó lár na cathrach i mBaile Átha Claith, agus slándáil 24 uair a’ chloig ar an láthair.

CRÍOCH