Ráiteas maidir le Sráid an Mhóta - Nuashonrú
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh tús moch maidine le comhoibríocht idir an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige; an Roinn Dlí agus Cirt; An Garda Síochána; Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath; Oifig na nOibreacha Poiblí; agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS); ar Shráid an Mhóta, Baile Átha Cliath.
Is é cuspóir na hoibríochta gluaiseacht shábháilte daoine atá ag lorg cosaint idirnáisiúnta a chinntiú ó na pubaill ar Shráid an Mhóta go dtí cóiríocht atá ainmnithe ag an tSeirbhís Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta (IPAS). Tá na daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu bogtha go sábháilte anois go hIarthar na Cathrach agus go dtí cóiríocht phubaill i gCnoc Slinne i gContae Bhaile Átha Cliath.
Tá pubaill láidre, aimsirdhíonacha ar shuíomh Chnoc Slinne. Tá leithris agus cithfholcadáin ann; seirbhísí sláinte; limistéir laistigh ina gcuirtear bia ar fáil; saoráidí chun fóin agus gairis phearsanta a luchtú; rochtain ar chóras iompair go Lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus ar ais arís; agus slándáil 24 uair an chloig ar an láthair.
Agus iad i gcóiríocht i gCnoc Slinne, gheobhaidh cónaitheoirí na tacaíochtaí céanna agus a fhaigheann siad in áiteanna eile. Áirítear leis sin rochtain ar chúram leighis trí fhoirne for-rochtana um chuimsiú sóisialta FSS agus soláthar cártaí leighis; clinicí le foireann seirbhísí do chustaiméirí IPAS; tacaíocht ar an láthair ó fhoireann an tsoláthraí; agus tacaíocht shíceasóisialta agus lánpháirtíochta ó chomhpháirtithe eagraíochtaí neamhrialtasacha.
Tá na campaí ar Shráid an Mhóta bainte anuas tá na sráideanna á nglanadh ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
CRÍOCH