Ráiteas Micheál Martin maidir leis an bPríomhoifigeach Leighis Tony Holohan
- Foilsithe: 25 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghlacadh leis an bPríomhoifigeach Leighis Tony Holohan inniu agus é ar tí éirí as tar éis níos mó ná fiche bliain de sheirbhís iontach agus dhíograiseach a thabhairt do mhuintir na hÉireann i réimse na sláinte poiblí.
Níl dabht ar bith ach gur chabhraigh a chomhairle dhiongbháilte mhuiníneach, agus an toilteanas a bhí aige cumarsáid a dhéanamh le linn phaindéim COVID-19 beatha daoine a shábháil, agus gur choinnigh sé Éire slán i rith dhá bhliain a bhí thar a bheith dúshlánach.
Tá aithne agam ar Tony, agus bhí sé de phribhléid agam a bheith ag obair leis ó ceapadh é ina Leas-Phríomhoifigeach Leighis in 2001, agus i ndiaidh sin le linn a 14 bliana ina Phríomhoifigeach Leighis.
Thug sé dúinn an mhuinín a bhí ag teastáil uainn le linn na paindéime lena obair ina chathaoirleach ar NPHET, a ghairmiúlacht, agus a nádúr socair lách.