English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas tar éis glao gutháin an Taoisigh le hUachtarán Iosrael Isaac Herzog

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 14 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Labhair an Taoiseach ar an nguthán inniu le hUachtarán Iosrael Isaac Herzog chun imní thromchúiseach an Rialtais a chur in iúl maidir le cad atá ag tarlú i ndeisceart na Liobáine agus é ag dul in olcas, agus chun béim a chur ar ionchas an Rialtais go mbeifear meas iomlán á léiriú do ról agus shainordú UNIFIL an t-am ar fad.

Luigh sé go trom ar an ríthábhacht a bhaineann le slándáil na gcoimeádaithe síochána Éireannacha atá ar fónamh sa cheantar.

Bhí an Taoiseach go soiléir gur sárú míchúibheasach agus do-ghlactha ar an dlí idirnáisiúnta é an lámhach ar phoist UNIFIL, agus gur cúis an imní is mó é do mhuintir na hÉireann, go háirithe do chlanna phearsanra Óglaigh na hÉireann atá ar fónamh sa Liobáin.

Chuir sé in iúl go soiléir go bhfuil UNIFIL ar fónamh thar ceann an phobail idirnáisiúnta, le sainordú soiléir ón gComhairle Slándála, agus nach mór dó cead a bheith aige a fheidhmeanna a chomhlíonadh gan bhac.

Chiallaigh an Taoiseach an traidisiún fada atá ann maidir le comhaltaí d’Oglaigh na hÉireann ar seirbhís sa Liobáin, a ngairmiúlacht, a dtiomantas dá misean agus a ndúthracht dá ndualgas.

Rinne sé cur síos ar an mbród ollmhór atá ag muintir na hÉireann as a gcuid seirbhís, agus dúirt sé gurbh í an tosaíocht is airde de chuid an Rialtas a sábháilteacht agus sábháilteacht a gcomhghleacaithe in UNIFIL.

D’iarr sé go mbeadh sos comhraic láithreach a cheadódh cur i bhfeidhm Rún 1701 na NA agus daoine a fhilleadh ar ais chuig a mbaile.

Dúirt an Taoiseach gur chúis ollmhór imní do mhuintir na hÉireann fós an gcailliúint uafásach beatha agus an tubaiste dhaonnúil atá ag éirí níos measa in Gaza agus d’athdhearbhaigh sé go bhfuil gá le sos comhraic láithreach.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil scála na tubaiste daonnúla doshamhlaithe agus go bhfuil páistí agus sibhialtaigh stiúgtha leis an ocras agus ag fáil bháis.

Thug an Taoiseach an deis freisin comhbhrón ó chroí an Rialtais a chur in iúl do mhuintir Iosrael ar chomóradh déanaí ionsaithe brúidiúla Hamas ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair.

Cuir sé in iúl freisin a dhlúthpháirtíocht le clanna agus cairde dóibh siúd a leanann de bheith ina ngiall, ar cheart iad a scaoileadh saor láithreach agus gan coinníoll.

CRÍOCH