English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ríméad ar an Taoiseach go bhfuil Mórstádas bainte amach ag Imreoirí Cruicéid na hÉireann

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 22 Meitheamh 2017
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Thréaslaigh Leo Varadkar inniu le Cruicéad Éireann Mórstadas a bheith bainte amach ag an eagraíocht tar éis cruinniú de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta Cruicéid (ICC) i Londain.

"Tá ríméad orm go nglacfaidh Éire a háit anois i measc Mhórnáisiúin cruicéid eile. Dea-scéala ceart don chluiche é agus luach saothair faighte i ndiaidh blianta fada d'obair chrua agus feachtasaíochta ag Cruicéad Éireann."

"D'éirigh go maith le hÉirinn ar leibhéal idirnáisiúnta i leaganacha is giorra den chluiche. Beimid in ann a bheith ag súil le laethanta maithe anois nuair a thabharfaidh Éire aghaidh ar chuid de Mhórnáisiúin cruicéid an domhain."

Críoch