Seoladh Tras-Rialtais do Phlean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe do na blianta 2022-2024
-
Ó: Roinn an Taoisigh; An Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil; An Roinn Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta
- Foilsithe: 5 Deireadh Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 20 Deireadh Fómhair 2022
Sheol an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar, An tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan agus comhaltaí eile den Rialtas an Plean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme inniu maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe do na blianta 2022-2024.
Leis an bplean nua, leagtar amach cúig chuspóir straitéiseacha agus 51 gníomh, chomh maith le 119 beart aonair chun cur le huaillmhian na hÉireann agus struchtúir chur chun feidhme a neartú chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a bhaint amach. Forbraíodh an plean i gcomhar leis na Ranna Rialtais uile agus le príomhpháirtithe leasmhara, agus bhí an plean bunaithe ar ionchur ó dhá phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh le bliain anuas.
D’aontaigh na 193 ballstát uile sna Náisiúin Aontaithe le Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus is ionann iad sin agus treochlár coiteann na bpobal idirnáisiúnta i dtreo domhan atá níos sábháilte, níos cothroime, níos rathúla agus inbhuanaithe a bhaint amach. Cuireann siad sin creat atá aontaithe go hidirnáisiúnta ar fáil chun dul chun cinn a chur ar aghaidh ar fud na dtrí ghné d’fhorbairt inbhuanaithe - fás eacnamaíoch, cuimsiú sóisialta agus an comhshaol a chosaint - lena chinntiú nach bhfuil aon duine fágtha ina ndiaidh.
Leis an seoladh inniu, léirítear an cur chuige uile-Rialtais a ghlac Éire maidir le cur chun feidhme na SFInna. Tá freagracht ar leith ar gach Aire aidhmeanna aonair an SFI a chur i bhfeidhm, aidhmeanna a bhaineann lena bhfeidhmeanna Aire agus tá freagracht ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme stuama ar fud an Rialtais.
Is éard is príomhchuspóir an Phlean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme ná an creat a cuireadh ar fáil i gClár Oibre 2030 a neadú san obair a dhéanann an Rialtas náisiúnta agus áitiúil. Cinnteoidh sé sin cur chuige stuama ar fud an chórais, agus soláthraíodh do níos mó idirphlé agus smaointeoireacht chomhleanúnach idir an lucht déanta beartas ar fud na n-earnálacha chun na Spriocanna a bhaint amach.
Tá seoladh an Phlean inniu curtha i gcrích le foilsiú Mhapa Beartais nuashonraithe an SFI, lena n-aithnítear an phríomh-Roinn do gach ceann de na 169 aidhm atá ag an SFI agus lena leagtar amach na haidhmeanna in aghaidh na mbeartas náisiúnta.
Cuirfear meicníochtaí tuairiscithe níos fearr i bhfeidhm freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na hÉireann i dtreo na SFInna a bhaint amach agus beidh sé sin mar bhonn eolais don dara ceann d'Athbhreithniú Náisiúnta Deonach na hÉireann, a bheidh á chur i láthair ag Fóram Polaitíochta Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe in Iúil na bliana 2023.
Rannpháirtíocht Earnála
Leis an bplean nua cuirtear béim mhór ar chomhpháirtíochtaí ar son na spriocanna. Léirítear an méid sin an fhíric go mbaineann na SFInna linn ar fad, agus go mbeidh an Rialtas ag obair i gcomhar leis an tsochaí chun na spriocanna sin a bhaint amach.
Léirítear i gcaibidil nua sa Phlean an cúnamh a thug príomhghrúpaí na bpáirtithe leasmhara do na SFInna agus aithnítear deiseanna le haghaidh comhpháirtíochtaí níos fearr. Áiríodh 22 cás-staidéar sa Phlean; na tionscnaimh luachmhara sárthaispeántais sin agus samplaí de thionscadail dea-chleachtais agus cláir atá á gcur chun cinn ag eagraíochtaí agus earnálacha ar fud na tíre. Leagtar amach sa Phlean gníomhartha chun meicníochtaí rannpháirtíochta nua náisiúnta na bpáirtithe leasmhara a bhunú agus leagtar amach tuilleadh forbartha ar mheicníochtaí atá ann cheana.
Mar aitheantas don fhíric gur cheart go mbainfí amach na SFInna do chách, is éard is ceann amháin de na príomhghníomhartha faoin bPlean ná idirphlé comhoibríoch agus cuimsitheach a oscailt chun an coincheap, Ná Fág Duine ar Bith ina nDiaidh, a phlé - ar príomhghealltanas de Chlár Oibre 2030 é sin - agus mar atá i gceist i gcomhthéacs na hÉireann. Cuirfear tús leis an idirphlé ag an chéad cheann eile d’Fhóram Náisiúnta Páirtithe Leasmhara an SFI Dé Céadaoin, an 7 Nollaig, i bPáirc an Chrócaigh.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Tá seoladh an dara ceann de Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme na hÉireann maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ag tarlú ag am ríthábhachtach. Mar gheall ar phaindéim dhomhanda COVID-19, moillíodh an dul chun cinn ar fud an domhain i dtreo Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus i roinnt réimsí bhí an dul chun cinn imithe céim ar gcúl fiú. Mar sin, anois an t-am chun brú a chur ar ár n-iarrachtaí chun móiminteam níos fearr a bhaint amach, agus chun nithe a chur ar an mbóthar ceart arís. Is treochlár aontaithe iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun domhan níos cothroime agus sábháilte a bhaint amach. Trí Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme na hÉireann, tá ról againn an méid sin a bhaint amach, agus muid oilte na spriocanna sin a chur ar fáil ar leibhéal domhanda agus anseo sa bhaile.”
Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar:
“Tá dul chun cinn maith déanta ag Éirinn ar dhá cheann de na spriocanna: Obair Chuibhiúil agus Fás Eacnamaíoch, agus Tomhaltas agus Táirgeacht Fhreagrach. Ní raibh an méid sin daoine riamh ag obair agus ní raibh rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair riamh chomh ard sin. Tá muid ag tabhairt isteach athchóirithe chun téarmaí agus coinníollacha na n-oibrithe a neartú, tuairisciú ar bhearna phá idir na hinscní san ionad oibre, agus reachtaíocht chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht oibre is saoil. Tá a fhios ag gnólachtaí Éireannacha go bhfuil súil ag custaiméirí go mbeadh na hearraí agus seirbhísí atá acu inbhuanaithe. Cé go bhfuil geilleagar na hÉireann ag déanamh go maith, tá nádúr na hoibre ag athrú agus beidh orainn cuidiú le gnólachtaí agus le hoibrithe iad féin a chur in oiriúint. Ciallaíonn an dá aistriú, an t-aistriú digiteach agus glas, chomh maith le níos mó uathoibrithe nach féidir linn na maidí a ligean le sruth. Mar sin, choimisiúnaigh mé Páipéar Bán nua maidir le Beartas Fiontraíochta chun an méid atá le déanamh ar bhealach difriúil a chur in iúl chun na huaillmhianta atá againn don gheilleagar don bhliain 2030 agus níos faide ná sin a aithint.”
Is éard a dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan:
“Cuirim fáilte mhór roimh sheoladh an Phlean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Is é anois an t-am dúinn ar fad chun Clár Oibre 2030 a chur i bhfeidhm arís agus chun borradh a chur faoi ghníomh chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, cuirtear treoirphlean tábhachtach ar fáil dúinn chun freagra a thabhairt ar na géarchéimeanna atá romhainn faoi láthair - ag leibhéal náisiúnta agus domhanda agus chun bealach chun tosaigh atá níos aontaithe agus stuama a chothú. Bealach nach bhfágann aon duine ina ndiaidh. Leis an bPlean Nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme, leagtar amach na céimeanna atá de dhíth chun na príomhphrionsabail ó na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a neadú san obair a dhéanann an Rialtas náisiúnta agus áitiúil. Cinnteoidh sé sin go mbeidh comhoibriú, tuiscint agus comhpháirtíocht níos fearr i bhforbairt na mbeartas inoibrithe lena gcuirtear ar chumas gach pobail borradh a chur fúthu amach anseo.”
Is éard a dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley:
“Tá an t-oideachas mar chuid lárnach den phróiseas le go n-éireofar leis na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus tá mo Roinn féin tiomanta lena chinntiú go mbainfear amach na haidhmeanna sin, na haidhmeanna faoi SFI 4 - Oideachas Ard-Chaighdeáin go háirithe. Cuirfidh an Roinn Oideachais béim ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe - OFI go dtí 2030 - lena chinntiú go mbeidh an t-eolas, scileanna agus inniúlachtaí atá de dhíth ag na foghlaimeoirí agus mic léinn óga chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun gníomh a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil Clár Oibre 2030 á aithint.”
Is éard a dúirt an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman:
“Tá comhionannas inscne mar chroílár na hoibre a dhéanann mo Roinn. Is Sprioc tábhachtach Forbartha Inbhuanaithe (Sprioc 5) é ach tá sé le feiceáil tríd na spriocanna uile freisin mar bhunús do shochaí atá cothrom i ndáiríre. Tá mé ag súil le leanúint le hobair a dhéanamh i dtreo comhionannas inscne in Éirinn, trí thionscnaimh amhail tuairisciú ar bhearna phá idir na hinscní agus forbairtí i saoirí teaghlaigh.”
Is éard a dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue:
“Tá gach ceann de na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) ag brath ar chórais bhia atá níos sláintiúla, níos inbhuanaithe agus níos cothroime. Forbraíodh straitéis agraibhia nuálach na hÉireann atá 10 mbliana ar fad, Fís Bhia 2030, trí leas a bhaint as cur chuige córais bia ina bhfuil an inbhuanaitheacht agus gach cuma den inbhuanaitheacht ina bpríomhthéamaí. Tá misin agus spriocanna de chuid phlean cur chun feidhme Fhís Bhia 2030 ag teacht le haidhmeanna ar leith an SFI, ina bhfuil claochlú an chórais bia mar chuid lárnach de ghealltanas na hearnála agraibhia chun cuidiú leis na SFInna a aithint faoin mbliain 2030. Tá earnáil bia inbhuanaithe go maith do na feirmeoirí, do na táirgeoirí bia, do na tomhaltóirí agus don chomhshaol.”
Is éard a dúirt an tAire Stáit um an Diaspóra agus Forbairt Thar Sáile, Colm Brophy:
“Tá ríméad orm a bheith páirteach i seoladh an Phlean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme inniu. Bhí ról súntasach ag Éirinn ó thaobh idirbheartaíocht a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus iad a ghlacadh mar an creat don troid chun deireadh a chur le bochtaineacht agus éagothroime dhomhanda. Tríd an gclár forbartha idirnáisiúnta atá againn, tá muid ag obair chun tacú le tíortha leochaileacha chun na Spriocanna a bhaint amach. Leis an bPlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme, tugtar an creat dúinn maidir leis an bhfíor-iarracht uile-Rialtais atá de dhíth chun na SFInna a chur i gcrích sa bhaile agus thar sáile.”
Is éard a dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach:
“Cuirim fáilte roimh sheoladh an Phlean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme, lena leagtar amach bealach soiléir chun na haidhmeanna a bhaint amach. Baineann na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe linn ar fad, agus tá sé ríthábhachtach go neadaíonn muid prionsabail na spriocanna sin i ngach a ndéanann muid, ag leibhéal an Rialtais náisiúnta agus áitiúil araon. Tá ról lárnach ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i dtaca leis sin. Tá an nádúr sláintiúil mar bhonn agus mar thaca faoi na SFInna agus tá muid ag obair ar fud na Roinne chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bhithéagsúlachta - ar tír agus sa spéir, sna haibhneacha, lochanna agus screamhuiscí, agus sa chomhshaol mara. I measc mo phríomhthosaíochtaí, tá beartais agus reachtaíocht atá níos láidre agus níos uaillmhianaí a fhorbairt, amhail an Plean Bainistíochta Abhantraí, an Plean Gnímh nua Náisiúnta um Bithéagsúlacht agus reachtaíocht nua do cheantair faoi chosaint mhara, agus tá gach ceann díobh sin ar bun faoi láthair agus nuair atá siad curtha i bhfeidhm, tacófar leis an iarracht náisiúnta chun an dúlra a chosaint agus a athchóiriú, dúlra a bhfuil an tsochaí agus geilleagar ar brath air.”
Is éard a dúirt an tAire Stáit um Sholáthar Poiblí agus Ríomhsheirbhísí Rialtais, Ossian Smyth:
“Leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, tugtar deis dúinn a bheith ag obair i dtreo creat aontaithe agus comhroinnte ag leibhéil áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Cuirim fáilte roimh sheoladh Phlean nua Náisiúnta Cur Chun Feidhme na hÉireann inniu, lena leagtar amach na céimeanna chun an creat tábhachtach seo a neadú san obair a dhéanann na Ranna Rialtais agus Údaráis Áitiúla uile. Beidh príomhról fós ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le roinnt de na SFInna a chur chun cinn. Thug an Roinn buiséadú glas, buiséadú comhionannais, agus buiséadú folláine isteach le roinnt blianta anuas agus beidh an obair sin ríthábhachtach chun an creat a cuireadh ar fáil sna SFLanna a imeascadh leis an bpróiseas buiséid.”
Dúirt an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Frank Feighan:
“Is léiriú domhanda ar chuspóirí sláinte an Rialtais seo iad na cuspóirí sláinte atá leagtha amach sna SFInna. D’fhógair muid bearta le déanaí; rochtain ar dhochtúirí teaghlaigh a chur chun cinn, cúram sláinte leathnaithe do leanaí agus rochtain ar fhrithghiniúint, agus tá na bearta sin teacht le haidhmeanna na SFInna. Níl aon dabht go bhfuil na beartais Sláintecare agus beartais Éire Shláintiúil an-chosúil ar fad le spriocanna uileghabhálacha SFI 3 - Dea-Shláinte agus Folláine. Leis an bPlean Cur Chun Feidhme seo, cuideofar linn na gealltanais idirnáisiúnta atá againn agus cuspóirí an bheartais baile araon a chur ar fáil.”
Luaigh an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, Seán Fleming:
“Leis an bPlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme, creidim go neartófar cumas na hÉireann na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus go gcuirfear fís agus uaillmhian Chlár Oibre 2030 ar fáil. Is straitéis thábhachtach eile é an Plean seo don tsraith sraitéisí atá againn. Tá áthas orm go gcuirtear béim láidir ar an tábhacht a bhaineann le cúnamh na gcomhpháirtíochtaí sa Phlean. Is uaillmhianach atá aidhmeanna na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus beidh réimse éagsúil de pháirtithe leasmhara ag obair le chéile de dhíth chun iad sin a bhaint amach. Maidir leis an aidhm chun rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí, na n-institiúidí agus na n-earnálacha a chur chun cinn ó thaobh na réigiún agus an náisiúin de, is leis an bPlean Cur Chun Feidhme seo a mhéadófar an cumas chun na haidhmeanna sin a bhaint amach agus méadófar an teacht aniar a bhaineann leis an rath atá orthu.”
CRÍOCH
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
‘Athrú ó bhonn a dhéanamh ar an Domhan’: Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe
Glacadh leis an gclár oibre seo; ‘Athrú ó bhonn a dhéanamh ar an Domhan’: Clár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe sna Náisiúin Aontaithe amhail an 25 Meán Fómhair 2015. Is í Éire a chomh-threoraigh idirbheartaíocht Chlár Oibre 2030 in éineacht leis an gCéinia. Tá na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), ar a bhfuil sé mar aidhm acu “deireadh a chur leis an mbochtaineacht, an domhan a chosaint agus rathúnas a chinntiú”, mar chuid lárnach de Chlár Oibre 2030.
Leis na SFInna, clúdaítear na trí ghné a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe; fás eacnamaíochta, cuimsiú sóisialta agus an comhshaol a chosaint. Tá siad uilíoch nuair a chuirtear i bhfeidhm iad agus tá sé mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht, an t-ocras agus córais bhia, sláinte, oideachas, comhionannas inscne, uisce glan agus sláintíocht, fuinneamh,
fás eacnamaíochta, poist mhaithe, tionsclaíocht, éagothroime, cathracha agus lonnaíochtaí an duine, tomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe, an t-athrú aeráide, na haigéin, éiceachórais agus síocháin agus ceartas.
Is deonach atá Clár Oibre 2030 agus níl sé faoi cheangal de réir dlí, ach aontaíodh i ngach tír na SFInna a chur i bhfeidhm agus táthar ag súil go bhforbrófar creat náisiúnta i ngach tír lena leagtar amach mar a bhainfear na spriocanna sin amach.
Cur chuige na hÉireann i leith na SFInna a chur i bhfeidhm
Ghlac Éire le cur chuige uile-rialtais chun na SFInna a chur i bhfeidhm, lena gcuirtear maoirseacht pholaitíochta san iomlán ar fáil tríd an gComh-Aireacht. Tá freagracht ar an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as na SFInna a chur chun cinn agus as maoirseacht a dhéanamh ar an gcur chun feidhme stuama atá acu ar fud an Rialtais.
Leis an bplean nua, leagtar amach rialachas SFI na hÉireann agus an straitéis cur chun feidhme do na blianta 2022-2024 agus tá sé ar an dara ceann sa tsraith maidir le Pleananna Cur Chun Feidhme comhleanúnacha, ina bhfuil gach ceann ag cur leis an leagan a bhí ann roimhe seo, le bheith ag obair i dtreo na SFInna a bhaint amach. Leis na pleananna, leagtar amach an rialachas náisiúnta uileghabhálach, an creat comhordaithe agus monatóireacht do na SFInna. Maidir leis na cuir chuige beartais mhionsonraithe chun SFInna agus aidhmeanna aonair a chur chun cinn, tugtar aghaidh orthu sin sna beartais náisiúnta ábhartha mar atá leagtha amach i Mapa Beartais an SFI.
Foilsíodh an chéad cheann de Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme an SFI in Éirinn sa bhliain 2018. Is éard is aidhm leis an bplean nua ná cur leis na struchtúir agus na meicníochtaí ón gcéad phlean agus cuir chuige bhreise a fhorbairt agus a imeascadh i réimsí a aithníodh trí athbhreithniú agus comhairliúchán de réir mar a bhí tuilleadh gníomhartha de dhíth.
Reáchtáladh dhá phróiseas comhairliúcháin phoiblí le linn fhorbairt an Phlean. Reáchtáladh an chéad cheann le linn shamhradh na bliana 2021 agus chuathas i dteagmháil le 5,000 duine aonair sa phróiseas. Forbraíodh na gníomhartha a bhí leagtha amach sa Phlean mar fhreagairt dhíreach don ionchur a fuarthas. Seoladh babhta deiridh comhairliúcháin ina dhiaidh sin i mBealtaine na bliana 2022 chun deis a chur ar fáil maidir le haiseolas a thabhairt ar an dréacht-phlean. Athsheoladh Fóram Náisiúnta Páirtithe Leasmhara an SFI freisin agus reáchtáladh cruinniú an 2 Meitheamh 2022 chun meicníocht bhreise a chur ar fáil le haghaidh ionchuir.
Foilseofar dhá dhoiciméad tacaíochta agus beidh siad ar fáil ag www.gov.ie/sdgs i gcomhar le seoladh an Phlean, lena n-áirítear:
1. Mapa Beartais 2022 - Forbraíodh mapa beartais nuashonraithe an SFI le dul in éineacht le foilsiú an Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme. Le Mapa Beartais an SFI, aithnítear Ranna ceannais do gach ceann de na 17 Sprioc agus 169 aidhm, leagtar amach gach aidhm an SFI in aghaidh beartais náisiúnta agus aithnítear sonraí teagmhála do gach réimse beartais ábhartha
2. Uasdátú beartais maidir le Cur Chun Feidhme na hÉireann i leith aidhmeanna an SFI - is doiciméad nua cuimsitheach é sin chun tionscnaimh an Rialtais a léiriú ar bhealach lárnach, tionscnaimh atá ar bun lena gcuirtear na SFInna chun cinn. Cuirtear uasdátú ar fáil ó na Ranna Rialtais uile maidir leis na beartais, gníomhartha agus tionscnaimh atá ar bun chun gach ceann de na 169 aidhm atá ag an SFI a chur chun cinn. Tá sé beartaithe go ndéanfar uasdátú ar bhonn bliantúil ar an doiciméad sin agus go mbeidh tuarascálacha staitistiúla bliantúla na príomh-oifige staidrimh ar dhul chun cinn do na SFInna curtha leis an doiciméad sin.