Seolann an Rialtas Tuarascáil Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Sheol an Taoiseach Tuarascáil Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath inniu, an 21 Deireadh Fómhair 2024, i gCeannoifig an Phoist ar Shráid Uí Chonaill.
Rinne an Rialtas an Tascfhórsa a cheapadh i mí Bealtaine 2024 ionas go dtabharfaí i bhfeidhm an dearcadh uilechuimsitheach is gá chun Lár na Cathrach i mBaile Átha Cliath, ó thuaidh agus ó dheas, a athbheochan. Rinne David McRedmond, POF An Post, fónamh ina Chathaoirleach Neamhspleách ar an Tascfhórsa agus chuir seisean tuarascáil i láthair an Taoisigh i mí Meán Fómhair 2024.
Leagadh de chúram ar an Tascfhórsa tabhairt faoin obair bunaithe ar fhianaise agus moltaí a chur i láthair d’fhonn feabhas a chur ar an bhfearann poiblí Lár na Cathrach, ar chúrsaí sábháilteachta ann agus ar an taitneamh atá le baint as. Tá d’aidhm leis an mbeartaíocht seo gur réimse cathrach níos bríomhaire, níos tarraingtí agus níos sábháilte a bheidh i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath a mbeadh fonn ar dhaoine maireachtáil agus oibriú ann, gnó a dhéanamh ann agus cuairt a thabhairt air.
D’fhonn na cuspóirí sin a thabhairt i gcrích, tá deich gcinn de ‘Mhórbhearta’ sonraithe ag an Tascfhórsa a molann siad tabhairt fúthu.
Déanfaidh Roinn an Taoisigh anois Grúpa Idir-rannach a thionól chun moltaí an Tascfhórsa a scrúdú agus Tuarascáil a ullmhú faoi lár mhí na Nollag a thabharfaidh an Rialtas faoi mheas.
Ag labhairt dó ag seoladh na Tuarascála, dúirt an Taoiseach Simon Harris:
“Nuair a rinneadh Taoiseach díom, dúirt mé go raibh gá le plean gníomhaíochta maidir le hathbheochan ar lár na cathrach.
Is gá go mbeadh lár na cathrach ina áit a tharraingíonn níos mó daoine ina gcónaí agus ag obair ann, i mbun gnó ann agus ar cuairt. Fáiltím roimh mholtaí an tascfhórsa, go háirithe an bhéim ar athbheochan Shráid Uí Chonaill agus úsáid níos mó a bhaint as foirgneamh mórshuntais Cheannoifig an Phoist.
Is mian liomsa go mbeadh aisling nua againn maidir leis an bpríomhchathair, d’óg agus d’aosta agus do thurasóirí ar mian leo leanúint de chuairt a thabhairt arís agus arís eile ar lár na cathrach. Is ceart go mbeadh feabhas i ndán. Is ceart go mbeadh acmhainní agus aisling á gcur ina leith. Tá sin anois againn.”
Dúirt an Tánaiste Micheál Ó Máirtín:
“Fáiltím roimh an tuarascáil thábhachtach seo a sheoladh ina leagtar amach moltaí maidir le lár chathair Bhaile Átha Cliath a athbheochan.
Tá an Rialtas tugtha do bheocht a chur in athuair i bpríomhchathair na tíre - do na daoine a chónaíonn agus a oibríonn ann agus dóibh siúd a thugann cuairt ar lár na cathrach i mBaile Átha Cliath. Is céim thábhachtach eile chun cinn maidir leis an bpróiseas sin an tuarascáil seo a fhoilsiú agus beidh na Mórbhearta atá á moladh ag an Tascfhórsa á meas againn anois.”
Dúirt Roderic O’Gorman, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige:
“Ceann de na gnéithe is suntasaí faoin tuarascáil seo an bhéim a leagtar ar lár na cathrach mar áit chónaithe chomh maith le háit oibre.
Tá buntábhacht le spásanna poiblí ar ardchaighdeán, le páirceanna agus le córas iompair phoiblí ionas gur féidir an rath a bheith ar lucht lár na cathrach agus go dtagann go leor daoine eile ina gcónaí ann san am atá romhainn.”
Luaigh an Comhairleoir James Geoghegan, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath:
“Is iontach an áit Baile Átha Cliath, cathair atá báite i gcúrsaí cultúir agus ealaíne, i gcúrsaí ceoil agus staire. Nuair a chuirtear moltaí na Tuarascála seo i bhfeidhm, beidh Baile Átha Cliath ina ábhar mórtais ag an tír ar fad.”
Dúirt Helen McEntee, an tAire Dlí agus Cirt:
“Leanfaidh mise de thús áite a thabhairt do chúrsaí sábháilteachta agus slándála ar shráideanna na príomhchathrach. Is den bhunriachtanas go mbeadh daoine sábháilte agus go mbraitheann siad go bhfuil siad sábháilte.
Tá ardú ag teacht ar líon na nGardaí agus 64% de na Gardaí is deireanaí a earcaíodh curtha go Baile Átha Cliath.
Táimse ag cinntiú go mbíonn níos mó acmhainní ag na Gardaí agus trealamh níos fearr acu don obair phóilíneachta ar na sráideanna.
Tá tosaithe agam freisin de cheamaraí a chaitear ar an gcolainn a thabhairt isteach, ag tosú leis na Gardaí i mBaile Átha Cliath. Beidh sin ina dheis fhíorthábhachtach acu maidir le fianaise a bhailiú le linn eachtraí a fhiosrú agus beidh reachtaíocht á rith agam maidir le teicneolaíocht aithint éadain d’fhonn treisiú leis sin.
Dúirt Paschal Donohoe, an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe:
“Is dea-scéal do lár na cathrach an tuarascáil seo a bheith á seoladh inniu. Tiocfaidh moltaí na Tuarascála go maith leis an obair fhiúntach atá ar bun cheana féin d’fhonn lár na cathrach a athbheochan, obair Thionscnamh Oirthuaisceart Lár na Cathrach san áireamh chomh maith le hobair Oifig Comhordúcháin na Cathrach.
Beidh an Tuarascáil agus na moltaí a luaitear inti ina lón eolais buntábhachtach maidir le haidhm leanúnach an Rialtais seo feabhas a chur ar lár na cathrach, féadaim a bheith cinnte de sin.”
Dúirt Darragh O'Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:
“Is iontach an tuarascáil seo a bheith ar fáil trína bhféachtar le cur leis an dea-obair atá ar siúl cheana féin chun feabhas a chur ar an bhfearann poiblí, ar chúrsaí sábháilteacht agus ar ghnéithe taitnimh maidir le Lár na Cathrach.
Rugadh agus tógadh mise i mBaile Átha Cliath agus is mé an tAire ar a bhfuil freagracht maidir leis an Rialtas Áitiúil. Is mian liom dá réir sin go mbeadh an rath ar an gcathair seo agus go mbeadh sí níos tarraingtí arís mar áit maireachtála agus oibre, mar ionad cuairteoireachta agus mar áit ina ndéanfaí infheistíocht.
Spreagfaidh an tuarascáil seo athbheochan, forbairt agus forás agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an tascfhórsa as an obair chrua a rinne siad.”
Dúirt David McRedmond, Cathaoirleach Neamhspleách Thascfhórsa Chathair agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, An Post:
“Is breá an rud a bheith anseo inniu ag seoladh na Tuarascála seo. Nuair a d’iarr an Taoiseach orm Cathaoirleacht a dhéanamh ar an Tascfhórsa, ba mhór an onóir sin dhom agus an t-ábhar ríméid dom a bheith in ann cion tairbhe a dhéanamh maidir le hathbheochan na cathrach seo.
Mar a fheictear sa Tuarascáil, shonraigh an Tascfhórsa deich gcinn de ‘Mhórbhearta’ a moltar tabhairt fúthu chun an chathair a chur ar ais i mbarr a réime ionas gur féidir le muintir na háite agus le cuairteoirí taitneamh a bhaint as a mbaineann leis an gcathair iontach seo.”
Tá Tuarascáil Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath ar fáil anseo: Tuarascáil Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath.
CRÍOCH