Seolann an Taoiseach feachtas #InThisTogether/AnnLeChéile ionas gur féidir le daoine Fanacht Ceangailte, Bheith Gníomhach agus a bhFolláine Mheabhrach a Choimeád le linn Covid-19
- Foilsithe: 24 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2021
Inniu, sheol an Taoiseach Leo Varadkar feachtas nua - In This Together/Ann Le Chéile - a bhfuil d'aidhm aige cabhrú le gach duine in Éirinn Fanacht Nasctha, Bheith Gníomhach agus aire a thabhairt dá bhFolláine Mheabhrach le linn Ghéarchéim Covid-19.
Leis an bhfeachtas seo - a thosaíonn inniu - spreagtar daoine chun gníomhaíocht nua a roghnú a chabhródh leo mothú beagán níos sláintiúla, níos folláine agus muid i ngleic le Covid-19.
I gcuideachta an Taoisigh ag an seoladh bhí an tAire Sláinte, Simon Harris, agus an tAire Gnóthaí Leanaí agus Óige, Katherine Zappone.
Tá treoir ann maidir le comhairle úsáideach chun cabhrú le daoine de gach aoisghrúpa plé leis na srianta leanúnacha, bíodh siad ag tabhairt aire do leanaí, ag déileáil le féin-aonrú, ag ullmhú le haghaidh na hArdteistiméireachta nó ag iarraidh fiabhras cábáin a shárú.
I bhfeachtas Ann Le Chéile, tairgfear físeáin, smaointe agus gníomhaíochtaí go rialta le linn na hÉigeandála do dhaoine de gach aois, ar na meáin shóisialta, trínár gcomhpháirtithe sna meáin agus beidh siad á gcur chun cinn ag Fóraim Ghlao an Phobail atá bunaithe ar fud na hÉireann.
Tá an fhaisnéis seo ar fad á cur ar fáil ar gov.ie/Together, ar do shuíomh gréasáin údaráis áitiúil, ar na meáin shóisialta, teilifís, raidió agus sna nuachtáin le linn na hÉigeandála agus is féidir teacht ar mhionsonraí ar thionscnaimh áitiúla ar do shuíomh gréasáin údaráis áitiúil.
Ag labhairt dó ag an seoladh, arsa An Taoiseach:
“Is suntasach an tionchar atá ag Covid-19. Táimid tagtha i gceann a chéile mar thír chun muid féin a chosaint agus le daoine eile a shábháil. Rinneamar uile ár gcion féin. Is iontach an comhoibriú atá eadrainn. Agus tá sé ag tosú ag oibriú.
“Tuigim go bhfuil imní agus buairt ar dhaoine. Thar gach ní, is gá dúinn uile aire a thabhairt dúinn féin, más duine scothaosta thú ag féinleithlisiú sa bhaile, má tá tú ag obair sa bhaile nó ligthe chun bealaigh le linn na hÉigeandála.
“Is gá dúinn uile bheith gníomhach, nasc a choimeád le cairde agus lenár muintir, agus aire a thabhairt dár meabhairshláinte. Mar sin de, táimid ag seoladh In This Together/Ann Le Chéile le gach duine a spreagadh chun aire a thabhairt dóibh féin. Táimid ann le chéile agus tiocfaimid amach as le chéile fosta. Tugaimis sprioc dá chéile rud éigin a dhéanamh gach lá a fhágfaidh sinn beagán níos sláintiúla, níos sona.”
Le In This Together/Ann Le Chéile, tarraingítear le chéile réimse ollmhór gníomhaíochtaí is féidir a dhéanamh sa bhaile nó i do cheantar féin, leat féin nó le baill teaghlaigh nó le cairde ar líne. Tá smaointe agus gníomhaíochtaí ann do dhaoine de gach aois. I measc na mbuaicphointí tá:
- Let’s Play Ireland/Bímis ag Súgradh chun am súgartha do leanaí a chur chun cinn le hacmhainní scéalaíochta ar líne, foghlaim spraíúil agus Súgradh ar mhaithe le Súgradh ar fáil ar líne;
- Féadann gach teaghlach páirt a ghlacadh in Bloom At Home/Faoi Bhláth sa Bhaile nuair a dhéanfaidh garraíodóirí clúiteacha, dearthóirí Show Garden agus foireann Bhord Bia faoi Bhláth comhairle agus leideanna a roinnt agus spreagfar daoine a bplandaí, gairdíní, balcóin agus boscaí fuinneoige féin a réiteach i gcomhair ceiliúradh náisiúnta. An bhuaic a bheidh air seo ná Lá Faoi Bhláth fíorúil ina mbeidh sárthaispeántas d'iarrachtaí an náisiúin. Tacóidh RTÉ le feachtas fíorúil Faoi Bhláth.
- Athshamhlófar Fleadh Cheoil na hÉireann, a mheall 750,000 cuairteoir in 2019, mar Fhleadh dhigiteach, fhíorúil in 2020. Déanfaidh TG4 agus RTÉ i gcomhpháirt le Comhaltas Ceoltóirí Éireann an t-imeacht speisialta seo a sholáthar;
- Ceolchoirmeacha beo ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta trí #IrelandPerforms;
- Físeáin spreagúla aclaíochta ó lúthchleasaithe Éireannacha do dhaoine de gach aois;
- Tionscnaimh seinnte ceoil do dhaoine óga;
- Ranganna damhsa, machnaimh agus gluaiseachta ar líne;
- Ranganna fíorúla sna ceirdeanna traidisiúnta amhail fíodóireacht, clódóireacht, déanamh ciseán, seodra agus ceirmeacht;
- Físeáin teagaisc oideachasúla do dhaoine óga, lena n-áirítear foghlaim amhrán Gaeilge nó do phodchraoladh féin a dhéanamh;
- Na mílte ríomhleabhar agus ríomh-chlosleabhair a bheith ar fáil sa bhaile;
- Gníomhaíochtaí do dhaoine óga ó Gaisce, Foróige agus Comhairle na nÓg;
- Dúshláin siúlóide chun daoine a spreagadh le bheith ag déanamh aclaíochta ina gceantair féin.
I bhfeachtas In This Together /Ann Le Chéile tarraingítear le chéile fosta réimse ollmhór de chomhairle agus de thacaíocht atá ar fáil ar líne do dhaoine de gach aois, lena n-áirítear:
- Comhairle ar thuismitheoireacht, siamsa a chur ar fáil do leanaí sa bhaile agus gnáthamh laethúil a chruthú;
- Cócaireacht agus comhairle ar aistí bia folláine;
- Comhairle ar mhachnamhacht agus cúram a dhéanamh do d'fholláine mheabhrach;
- Conas tacú le do chomharsana agus baill teaghlaigh leochaileacha;
- Comhairle ar líne (le seoladh an tseachtain seo chugainn) do scoláirí Ardteistiméireachta le faisnéis atá cothrom le dáta maidir le scrúduithe na bliana seo, agus mionsonraí faoin tacaíocht phraiticiúil agus síceolaíochta atá ar fáil faoi láthair, mar chuid de phacáiste leathan tacaíochta do scoláirí Ardteistiméireachta.
Arsa an tAire Harris:
“Tá níos mó ná ár sláinte fhisiciúil i gceist lenár bhfolláine. Anois, níos mó ná riamh, is gá dúinn cabhrú lena chéile. Bíodh sé trí ranganna aclaíochta grúpa, nó trí thacaíocht oideachais, físghlao le do mhuintir, is gá dúinn gach rud is féidir linn a dhéanamh chun ár sláinte a chosaint - meabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil. Tá réimse tacaíochta le cois ár seirbhís sláinte ar fáil.”
Cuimsítear san fheachtas fosta tacar nua d'acmhainní do leanaí agus tuismitheoirí.
**Arsa Katherine Zappone, Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige:*
“Ag an am dúshlánach seo, féadann sé a bheith deacair do thuismitheoirí fios a bheith acu cén áit ar féidir eolas agus tacaíocht iontaofa a fháil. Tá eolas do thuismitheoirí i Lárionad na dTuismitheoirí agus nasc le réimse leathan d'acmhainní iontaofa, ardchaighdeáin ar líne lena n-áirítear foghlaim, tuismitheoireacht agus eolas ar thacaíocht do thuismitheoirí. Ceapadh Let’s Play Ireland/Bímis ag Súgradh lena chur i gcuimhne dúinn uile, idir óg agus aosta, an bhuntábhacht atá leis an súgradh.
“Tá an súgradh lárnach i sláinte agus folláine fhisiciúil, mheabhrach, shóisialta agus mhothúchánach leanaí. Is tríd an súgradh a fhoghlaimíonn leanaí agus iad ag forbairt seasmhachta, solúbthachta agus tuiscint ar an domhan. Saibhríonn an súgradh i measc an teaghlaigh saol na hóige agus, i láthair na huaire, le linn an ama éiginnte shuaite seo, is tábhachtaí an súgradh ná riamh.”
Tugtar le chéile sa tionscnamh seo Rialtas Náisiúnta, Gníomhaireachtaí Rialtais, Rialtas Áitiúil, na Meáin, earnálacha pobail agus deonacha, agus Fóraim Ghlao an Phobail ar fud na tíre.
Tá tionscnaimh folláine i ngach cuid den rialtas á dtiomsú ionas gur féidir teacht ar eolas gan dua, bíodh sé ar Gov.ie nó ar shuíomhanna gréasáin na nÚdarás Áitiúil bainteach.
Tá a thuilleadh samplaí de thionscnaimh folláine leagtha amach san Aguisín atá faoi iamh.
Críoch
Aguisín:
Tá liosta thíos d'acmhainní reatha agus atá le teacht chun cabhrú leat cúram a dhéanamh de do mheabhairshláinte, bheith gníomhach agus fanacht ceangailte. Breathnaigh ar gov.ie/together i gcomhair tuilleadh mionsonraí.
Cúram a dhéanamh de do mheabhairshláinte
I bhfeachtas Gov.ie/together tá comhairle ar fholláine mheabhrach, tuismitheoireacht, cúrsaí caidrimh, gnáthaimh laethúla a cheapadh, bheith gníomhach, ithe go maith, féinleithlisiú, cabhrú le do phobal, súgradh le leanaí agus nasc leis an obair atá ar siúl ag údaráis áitiúla ar fud na tíre.
YourMentalHealth.ie
- Is tairseach ilfhreastail é YourMentalHealth.ie de chuid FSS do dhaoine atá ag lorg eolais, tacaíochta agus seirbhísí - lena n-áirítear eolas ar chabhair phráinneach a rochtain. Tá seirbhís téacsála mheabhairshláinte ar fáil 24/7 chun daoine a nascadh le saorálaithe oilte.
Tionscnaimh Údarás Áitiúil:
Tá Údaráis Áitiúla ar fud na tíre ag cur a gcuid seirbhísí ar líne, ag cruthú ábhair a bhaineann le meabhairshláinte agus ag dul i dteagmháil le pobail áitiúla chun cabhrú le daoine meabhairshláinte dhearfach a choinneáil. Áirítear leis na tionscnaimh:
- Comhpháirtíocht idir Seirbhís Leabharlainne Chathair agus Chontae Luimnigh agus Seirbhísí Meabhairshláinte an Mheán-Iarthair agus Cúram Sláinte Pobail an Mheán-Iarthair FSS chun leabhair a chur ar fáil d'othair in aonaid ghéarchúraim in ospidéil i Luimneach agus áiseanna cúraim do dhaoine leochaileacha, chun tacú le meabhairshláinte dhearfach le linn féinleithlisiú.
- I gclár Heads Up Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, tairgtear tacaíocht ar líne/fóin do dhaoine a bhfuil fadhbanna éadroma meabhairshláinte acu agus tá an tseirbhís seo á méadú le go gcuimseofar tacaíocht do dhaoine a bhfuair gaol leo bás le déanaí agus úsáidfear comhairleoirí a bhfuil an-taithí agus cáilíochtaí acu.
- Tá nasc cruthaithe ag Comhpháirtíocht Spóirt Chomhairle Contae Chorcaí leis an FSS chun Páirc Comhpháirtithe Dhigiteach a chur ar fáil ina gcuimsítear bróisiúir agus físeáin ar conas cúram a dhéanamh de do mheabhairshláinte le linn Covid 19.
- Táthar ag leanúint de Teen Talks Chomhairle Contae Chorcaí ar líne fad is atá ionaid druidte. Leis seo, cuirtear ardán ar fáil do scoláirí idirbhliana chun ceisteanna a théann i bhfeidhm ar a sláinte agus folláine a phlé agus éisteacht le roinnt cainteoirí den scoth.
Ionad na dTuismitheoirí
Item was unpublished or removed
- Acmhainn nua ar líne ina bhfuil eolas do thuismitheoirí agus a nascann réimse leathan d'acmhainní ar líne iontaofa, ardchaighdeáin lena n-áirítear foghlaim, tuismitheoireacht agus eolas faoi thacaíocht do thuismitheoirí.
Sa Bhaile faoi Bhláth:
- I mbliana, tá Bord Bia ag eagrú feachtas "Sa Bhaile faoi Bhláth" chun an pobal a spreagadh le teacht le chéile (ach scartha), fanacht ceangailte agus a bheith "Faoi Bhláth" a cheiliúradh sa bhaile. Déanfaidh foireann Bhord Bia faoi Bhláth, garraíodóirí clúiteacha agus dearthóirí Show Garden a gcomhairle agus leideanna a roinnt i rith mhí na Bealtaine agus spreagfar daoine a bplandaí, gairdíní, balcóin agus boscaí fuinneoige féin a réiteach i gcomhair ceiliúradh náisiúnta "Faoi Bhláth".
- Beidh buaicphointe "Sa Bhaile faoi Bhláth" ar lá amháin nuair a thiocfaidh cách le chéile ar líne agus cuirfear plandaí agus gairdíní na nGael ar taispeáint agus beidh sceideal d'imeachtaí fíorúla ar siúl ar chainéil meáin shóisialta "Faoi Bhláth" agus ar BordBiaBloom.com.
Tacaíocht do scoláirí Ardteistiméireachta:
- Nuair a bhíonn an saol á chaitheamh mar is gnách, ní údar iontais é go mothaímid strus agus imní agus muid ag ullmhú le haghaidh Scrúduithe Stáit. Anois gur riachtanais sláinte phoiblí é na scoileanna a dhúnadh agus socruithe na scrúduithe a athrú, is amhlaidh is mó an cás do chuid mhaith daltaí.
- D'fhonn tacú le folláine agus meabhairshláinte ár scoláirí ag an am seo, tá leathanach gréasáin á fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais i gcomhpháirt leis an Roinn Sláinte agus an FSS.
- Ar an leathanach seo beidh réimse d'eolas agus acmhainní chun tacú le scoláirí aon imní nó deacracht a shárú. Cuimseofar leis fosta naisc chuig tacaíocht níos sainiúla ar féidir le scoláirí a rochtain más gá.
- Lena chois sin, beidh uasdátuithe ar an leathanach gréasáin a bhaineann leis an Ardteistiméireacht de réir mar a bheidh siad ar fáil agus comhairle phraiticiúil do scoláirí ar ullmhú dá scrúduithe le linn an ama seo. Beidh an leathanach gréasáin ar fáil faoi cheann roinnt laethanta.
Le linn mhí Aibreáin agus mhí na Bealtaine beidh Éire Ildánach ag cur chun cinn na cruthaitheachta sa bhaile ar na meáin shóisialta (teachtaireachtaí ar bhuntáistí meabhairshláinte san áireamh). Cnuasach d'acmhainní cruthaitheacha ar líne saor in aisce ar fud na hÉireann chun cabhrú le daoine a bheith cruthaitheach sa bhaile #CreateAtHome. Tá Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann páirteach ann seo lena #GetIrelandMaking.
Páirceanna agus Anaclainn Náisiúnta:
Cé go bhfuil ár bPáirceanna agus Anaclainn Náisiúnta fós ar fáil do bhunadh ná háite (laistigh de 2km) tá formhór ár suíomhanna oidhreachta dúnta. Tá a lán oibre ar siúl chun go mbeidh siad inrochtana go fíorúil trí thurais dhigiteacha, píosaí scannáin dróin, treoracha staire ar líne, puzail, comórtais líníochta, lena n-áirítear:
- Na Podchraoltaí agus blaganna físe de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra
- Tionscnamh Phortach na Seachtaine
- Amharcóir Timpeallacht Staire (is féidir suíomhanna oidhreachta agus séadchomharthaí áitiúla a aimsiú ar líne laistigh den limistéar siúlóide 2km)
- Íomhánna stairiúla
- Foireann uirlisí staire áitiúla
- Is é 'Sona sa Bhaile' feachtas TG4 chun folláine dhearfach a chur chun cinn do dhaoine atá sa bhaile le linn ghéarchéim Covid-19. Tá TG4, trína ardáin shóisialta ag spreagadh lucht féachana agus leanúna aird a tharraingt ar eispéiris shóisialta trí úsáid #sonasabhaile lena n-eispéiris dhearfacha féin, agus iad sa bhaile, a roinnt.
Fanacht Ceangailte
Údaráis Áitiúla:
Tá a lán de línte cabhrach Ghlao an Phobail de chuid na nÚdarás Áitiúil ag coinneáil teagmháil leo sin a ghlaoigh nó tá siad ag cruthú cairdis le saorálaithe ar féidir leo a chinntiú go bhfuil siad i gceart agus comhrá a bheith acu leo ar an bhfón nó ar líne.
Áirítear le tionscnaimh áitiúla eile:
- Tá scéim phíolótach ag Comhairle Contae Thiobraid Árann i leith tionscnaimh i gceantar Ros Cré. Tá breis agus 200 glao curtha ag grúpa Age Friendly Ros Cré ar dhaoine sa cheantar ó cuireadh na srianta i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil a oiread agus is féidir díobh i dteagmháil agus go bhfuil gréasán tacaíochta acu le linn na tréimhse seo.
- Tá roinnt tionscnamh á reáchtáil ag Comhairle Contae Shligigh chun tacú leo sin a chónaíonn i dtithíocht shóisialta lena n-áirítear comhpháirtíocht chun iPad a sholáthar, tionscadal meantóirí do dhaoine fásta agus do dhaltaí scoile, tacaíocht don fholláine mheabhrach, dúshláin aclaíochta agus teagmháil fóin.
- Tá Comhairle Contae Mhuineacháin ag bailiú scéalta faoi Phaindéim Covid-19 le cur lena cnuasach. Tá siad ag iarraidh ar dhaoine grianghraif, pictiúir, scéalta, agallaimh fuaime nó físe a chur isteach agus cuirfear an t-abhar ar fad le cnuasach an mhúsaeim agus cuirfear cuid de ar taispeáint amach anseo.
- Tá Comhairle Contae Lú ag iarraidh ar dhaoine dialann laethúil a choinneáil dá n-eispéiris laethúla le linn Covid-19. Coinneofar na dialanna seo go buan i gCartlanna an Chontae le go dtuigfidh na glúine atá le teacht conas a bhí an saol le linn na tréimhse ar leith seo den stair. Tá Seirbhís Leabharlainne Liatroma ag obair ar mhiontionscadal stair bhéil i gcomhar le hOifig Oidhreachta Chomhairle Contae Liatroma ina mbíonn leanaí i dteagmháil lena ngarthuismitheoirí.
- Tá Comhairle Contae Ros Comáin ag iarraidh orthu sin atá féinleithlisithe litir nó dán a scríobh
- Anois go bhfuil leabharlanna dúnta, tá go leor díobh ag seachadadh leabhar chucu sin atá féin-aonraithe - agus tá beartaithe ag a lán eile tosú ag tairiscint na seirbhíse seo. I measc na seirbhísí atá á dhéanamh seo tá Dún Laoghaire Ráth an Dúin, Contae Chorcaí, Cill Chainnigh, an Longfort, an Cabhán agus an Clár. Tá leabharlanna Chill Mhantáin ag seachadadh leabhar fosta chuig tithe altranais.
- Tá leabharlanna ag cur clubanna agus gníomhaíochtaí ar líne le linn an ama seo fosta. Tá leabharlanna Chontae Lú ag óstáil clubanna leabhar ar líne mar shampla, agus tá Port Láirge ag tabhairt cuireadh d'údair agus do staraithe áitiúla píosaí dá saothar a léamh ar líne agus ar raidió áitiúil.
- Tá Seirbhís Leabharlainne Liatroma ag obair i gcomhpháirt le hoifig ealaíne Chomhairle Contae Liatroma ar shraith plé ar leabhair ar líne, ar Zoom agus i gcuideachta grúpaí léitheoireachta/clubanna leabhar agus grúpaí eile sa phobal ,m.sh. Seid na bhFear srl., timpeall an chontae
- Is tionscadal Forbairt Pobail de chuid Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath é 'Holding It Together Apart’ /A Choinneáil le Chéile ach Scartha' a bhfuil d'aidhm aige cabhrú le daoine a bhfolláine fhisiciúil, spioradálta agus mheabhrach a choinneáil agus iad féinleithlisithe agus sa bhaile mar gheall ar Covid 19. Cuirtear ranganna ar líne ar fáil sa damhsa, machnamh, gluaiseacht agus cleachtas cruthaitheach chun go mbeidh gach ball teaghlaigh páirteach agus iad gníomhach ach socair.
Gov.ie/together: Féinleithlisiú: https://www.gov.ie/en/publication/d56870-cocooning/
Ní mhothaíonn an Féinleithlisiú nádúrtha agus féadann sé cur as do dhaoine
- Comhairle ar conas féinleithlisiú a dhéanamh – Naisc le FSS agus Alone
- Conas an dea-shláinte a choinneáil
- Cúram a dhéanamh de do riochtaí sláinte fadtéarmacha agus Cúram Ailse - Líne Chabhrach FSS agus CNRA agus Together for Cancer
- Mothú Sábháilte – nasc le Alone, Gardaí agus Údaráis Áitiúla
- Aire a thabhairt dóibh sin atá ag féinleithlisiú – Nasc le hObair Dheonach Éireann
An Chéad Seirbhís Comhrá d'Óige na hÉireann ar Líne:
- Tá córas nua uathúil comhrá ar líne do dhaoine óga, ar a dtugtar Seirbhís Dhigiteach Comhrá Faisnéis Óige seolta ag ceithre cheanneagras óige in Éirinn. Crosscare, SpunOut, YMCA agus Obair Óige Éireann a chuir dlús le Faisnéis Óige ar Líne chun tacú le daoine óga le linn dhianghlasáil Covid 19. Tógann an tseirbhís comhrá ar líne Faisnéis Óige ar chomhpháirtíocht fhada bhuan de sholáthraithe gairmiúla Faisnéis Óige in Éirinn agus braitheann sí ar fhorbairt an tiomantais do chomhoibriú ar chumarsáid, cumhdach, cosaint sonraí, agus cleachtas faisnéis óige. Is oibrithe gairmiúla Faisnéis Óige iad baill na seirbhíse. Beidh an tseirbhís ar fáil do dhaoine óga ó 4pm go 8pm agus í dírithe ar dhaoine óga dar aois 16 go 25 bliain. Is seirbhís neamhchlaonta, neamhbhreithiúnach, iontaofa, bheacht í.
- Tá cúig rang nua teagaisc ar líne seolta ag an gComhairle Oidhreachta do leanaí bunscoile atá ag fanacht sa bhaile. Áirítear leo ranganna líníocht fiadhúlra; an méid atá le sonrú i do pháirc agus dúiche féin (laistigh de 2k); amhrán nua Gaelach a fhoghlaim agus a chanadh agus conas a fháil amach faoi scéalta de chuid do gharthuismitheoirí trí úsáid Chnuasach Bhéaloideas Scoileanna COBÁC. Féach: http://www.heritageinschools.ie/online-tutorials
- Tá cuid mhaith ábhar praiticiúil oideachais forbartha ag Uiscebhealaí Éireann do leanaí bunscoile ( https://learning.waterwaysireland.org/ ) le haghaidh gníomhaíochtaí sa bhaile nó faoin spéir. Roinneann siad naisc agus ábhar spreagúil do theaghlaigh chun a úsáid sna seachtainí atá romhainn agus muid ag scaradh go sóisialta agus ag féin-aonrú. Áirítear leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, dathú, báirse a dhéanamh as earraí tí, dul ar shiúlóid bhithéagsúlachta.
- Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ag comhoibriú le Molscéal (mol scéalaíochta ar líne TG4) chun sárthaispeántas a dhéanamh d'ealaíontóirí Gaeltachta atá ag obair sa bhaile agus atá #SonaSaBhaile.
Bí Gníomhach
Gov.ie/together
Téann COVID-19 i bhfeidhm ar ár ngnáthamh laethúil ar bhealaí éagsúla. Le linn tréimhse dheacair mar seo, is tábhachtaí ná riamh cúram a dhéanamh dár sláinte go ginearálta agus is cuid an-mhór de sin bia maith a ithe agus a bheith gníomhach.
Tá comhairle againn faoi
- Gníomhaíocht sa bhaile: leideanna ón iomad eagraíochtaí agus físeáin aclaíochta
- Páistí a choinneáil gníomhach: Leideanna agus naisc le START, CLG, rith páirce, bratach scoile gníomhaí
- Gníomhaíochtaí do dhaoine scothaosta: naisc le Siel Bleu, Age and Opportunity/Aois agus Deis
- Gníomhaíocht faoin Spéir: comhairle faoi dhul amach agus faoi sholas UV agus do chraiceann
Maidir le haiste bia fholláin, tá comhairle againn faoi
- 1. Leideanna faoi ghnás aiste bia fholláin
- 2. Béilí gasta
- 3. Smailceacha
- 4. Bia beir leat
- 5. Daoine scothaosta
- 6. Cócaireacht le leanaí
- 7. Sábháilteacht bhia
Tá roinnt acmhainní cruthaithe ag Spórt Éireann chun gníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn agus tá siad ag tacú le Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla (LSP), Boird Rialaithe Náisiúnta, Lucht Lúthchleasaíochta agus an pobal i gcoitinne le héirí gníomhach agus fanacht gníomhach, ag cloí le treoirlínte rialtais agus ag comhoibriú fosta le Age and Opportunity/Aois agus Deis do dhaoine scothaosta agus le CARA do lucht míchumais.
Údaráis Áitiúla:
Tá roinnt údaráis áitiúla ag comhoibriú lena gComhpháirtíochtaí Spóirt áitiúla chun físeáin aclaíocht bhaile do gach aoisghrúpa a phostáil, lena n-áirítear dóibh sin atá ag féinleithlisiú nó ag féin-aonrú. Ar shamplaí de seo tá:
- Comhpháirtíocht Spóirt an Longfoirt a úsáideann físeáin agus uirlisí fís-chomhdhála chun ranganna a eagrú agus cabhrú le daoine a bheith gníomhach sa bhaile.
- Is sraith físeáin aclaíocht bhaile é Fingal Digifit a spreagann saoránaigh de gach cumas bheith ag bogadh agus ag éirí níos aclaí le linn ghéarchéim Covid-19.
- Tá Comhpháirtíocht Spóirt Chontae Bhaile Átha Cliath Theas ag comhoibriú le bunscoileanna chun ranganna corpoideachais baile a chur ar fáil dá ndaltaí, lena n-áirítear damhsa, aclaíocht bhaile, Pilates agus lúthchleasaíocht.
- Tá Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe ag óstáil roinnt réimsí de chláir sheachtainiúla aclaíochta ar líne, lena n-áirítear Buggy Buddies, Fir / Mná ag Bogadh Leo, TADE (HIIT).
- Tá Comhairle Contae Chorcaí ag déanamh seisiúin laethúla cóitseála ar líne ina bhfuil sraith leideanna á gcomhordú ag Oifigigh Forbartha FAI.
- Tá Comhpháirtíocht Spóirt agus Fóillíochta Shligigh (CSFS) ag forbairt 'Leabhar Saothair Dúshlán Gníomhaíocht Bhaile 21 lá do Leanaí', lena n-áirítear ceardlann cóip chrua lena dáileadh i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste, leagan ar líne agus fógra sa phreas áitiúil ag iarraidh ar leanaí agus ar a muintir a bheith gníomhach sa bhaile.
- Tá Comhpháirtíocht Spóirt an Longfoirt ag tabhairt dúshlán daoine lena n-áirítear siúlóid 2km agus dúshlán grianghrafadóireachta agus féadann an pobal agus teaghlaigh clárú le haghaidh bonn cur i gcrích.
- Tá Comhpháirtíocht Spóirt Dhún Laoghaire Ráth an Dúin ag eagrú roinnt seisiúin traenála agus dúshlán lena n-áirítear 'Dúshlán 15 Nóiméad na nGarthuismitheoirí', Dúshlán Scrambled Leg', 'Dúshlán Aclaíocht Troda', 'Dúshlán Damhsa Bogadh leis an Rithim'.
- Tá liosta gearr aclaíochta agus gníomhaíochta forbartha ag Comhpháirtíocht Spóirt Chill Mhantáin dar teideal 'Éirigh Gníomhach sa Bhaile'. Dáilfear na bileoga eolais seo fosta ar chógaslanna, grúpaí Béilí ar Rothaí, tríd an PPN agus trí thionscnamh Ghlao an Phobail dóibh sin nach bhfuil rochtain idirlín acu. Tá an Chomhpháirtíocht Spóirt ag roinnt ranganna laethúla aclaíochta ar a leathanach Facebook, go sainiúil ó Siel Bleu, a fheileann don chuid is sine den phobal.
Bealaí eile chun fanacht gníomhach:
- Tá ábhar a bhaineann le cócaireacht fholláin ar bhuiséad íseal, ranganna ealaíne agus grianghrafadóireachta, dúshlán Gaeilge postáilte ag Comhairle Contae Fhine Gall.
- Tá comhairle ar aiste bia fholláin agus ar ranganna cóiriú bláthanna an earraigh ag Comhairle Contae an Longfoirt
- Tá tacar cluichí agus puzail in-íoslódáilte forbartha ag Músaem Contae Thiobraid Árann atá ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle.
- Chomh maith lena n-ábhar féin a phostáil, tá a lán údaráis áitiúla ag úsáid a gcainéil ar líne chun eolas a roinnt ó dhaoine eile ar oidis bhia, cluichí, cultúr, machnamhacht, comórtais agus ar ghníomhaíochtaí ealaíne.
- Tá Comhairle Contae na Mí trína hOifig Ealaíne i mbun roinnt tionscadail ar líne gach seachtain chun spéis chruthaitheach, chultúrtha daoine a spreagadh. Ar Mháirt na hAmharclainne, léann drámadóir áitiúil Deirdre Kinahan sleachta as a cuid drámaí. Dé Céadaoin, bíonn seisiúin nó físeáin seinnte ceoil ar 'Ceol Comfort' le ceoltóirí/ealaíontóirí áitiúla ar siúl le tacaíocht ón gComhairle.
- Tá Comhairle Contae Ros Comáin ag forbairt roinnt turais fhíorúla ar shuíomhanna oidhreachta, lena n-áirítear físeán de thuras fíorúil ar Theach King do ghrúpaí nó do dhaoine aonair ar suim leo tithe móra stairiúla agus timpeallacht thógtha Ros Comáin.
Gníomhaíochtaí do leanaí:
Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag postáil físeáin gníomhaíocht cheardaíochta arna gcur i láthair ag leanaí 5-10 bliain agus níos sine ná 10 mbliana le cois ranganna códúcháin, finscéalta Lochlannacha agus Scéalaíocht as Gaeilge. Tá clár imeachtaí ar líne do leanaí ag Comhairle Contae an Longfoirt, lena n-áirítear cruthaitheacht sa ghairdín, machnamhacht chruthaitheach do theaghlaigh óga, ranganna códúcháin agus cuid mhaith comórtais ealaíne agus ceardaíochta.
- Chruthaigh Comhairle Contae Ros Comáin "Rabhadh Scoláire Baile" laethúil ar líne a chuireann naisc ealaíne ar fáil do thuismitheoirí atá ag teagasc sa bhaile a bhaineann le healaín agus ceardaíocht, damhsa, amharclannaíocht, amharc-ealaíona agus gníomhaíochtaí músaeim le rochtain ar líne nó le priontáil agus le déanamh sa bhaile.
- Tá leabharlanna Bhaile Átha Cliath Theas ag reáchtáil ranganna agus dúshláin códúcháin agus faisnéis ar ghairmeacha agus dianteagasc mata Project Sums ar líne.
- Tá Sadhbh Devlin, scríbhneoir cónaithe Dhún Laoghaire Ráth an Dúin tar éis físeáin ceardaíochta agus scríbhneoireacht chruthaitheach a chruthú le cuidiú le leanaí díograiseacha a bheith gnóthach, cruthaitheach sa bhaile.
First 5/An Chéad Chúig – acmhainn súgartha agus foghlama:
- Acmhainní ar líne faoi First 5, straitéis an Rialtais do bhabaithe, leanaí óga agus dá muintir, ina gcuimsítear acmhainní súgartha agus foghlama do leanaí faoi bhonn 6 bliana. Tá na hacmhainní ar líne seo fosta mar chuid d'fheachtas Bímis Ag Súgradh a óstálfar ar shuíomh gréasáin First 5, www.first5.gov.ie, gona smaointe agus gníomhaíochtaí faoi théamaí Aistear, Creatchuraclam na Luath-Óige. Le cois gníomhaíochtaí a mbainfidh tuismitheoirí sult astu in éineacht lena leanaí, tá leideanna sna hacmhainní ar líne ar thacú le leanaí i dtaca lena mothúcháin de, agus smaointe agus gníomhaíochtaí i gcomhair foghlaim tríd an súgradh. Tá roinnt físeán réitithe ag Luath-Óige Éireann thar ceann na Roinne ina bhfuil soláthraithe agus speisialtóirí luathfhoghlama agus luathchúraim. Beidh na físeáin seo ar fáil sna laethanta beaga atá romhainn i rannán "Réamhscoil sa Bhaile" de shuíomh gréasáin First 5 agus d'aidhm acu teaghlaigh a spreagadh chun teacht ar an bhfoghlaim agus súgradh a tharlaíonn sa bhaile.
Gníomhaíochtaí sa bhaile agus léirithe ealaíonta sa bhaile agat:
- Trína sraith "Éire i mbun Taibhithe" agus clár nua "Guthanna Eile - Misneach", tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tacú le daoine cruthaitheacha agus le healaíontóirí taibhiú beo a dhéanamh dá muintir i mbailte ar fud na hÉireann - ag úsáid ardáin dhigiteacha agus chraoltóireachta.
- Tá réimse leathan de ghníomhaíochtaí tarraingteacha, spéisiúla, cruthaitheacha saor in aisce bailithe ag Clár Éire Ildánach do dhaoine de gach aois chun triail a bhaint astu sa bhaile faoi na haischlibeanna #createathome agus #getirelandmaking
- Tá Institiúidí Náisiúnta Cultúrtha na hÉireann chomh maith le hamharclanna agus pictiúrlanna dúnta faoi láthair ach tá bearta déanta ó shin acu chun gníomhaíochtaí agus ábhar ar líne a fhorbairt atá suimiúil, mealltach, lena n-áirítear:
- Turais fhíorúla ar ghailearaithe agus músaeim
- Cnuasaigh agus lámhscríbhinní digitithe, inbhrabhsála
- Podchraoltaí ar chnuasaigh agus saothair
- Ábhar agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha
- Cláir oiliúna ar líne
- Taifeadtaí de Thaibhithe –ó chartlanna agus nua-choimisiúnaithe araon
- Ginealach ar Líne, chun stair teaghlaigh a fhiosrú
Foghlaim Gaeilge ar líne:
Tá go leor ardán ar fáil le dul i gceann na Gaeilge agus í a fhoghlaim:
- Ranganna ar líne chun foghlaim trí amhránaíocht agus ceol traidisiúnta
- Comórtais litríochta do gach aoisghrúpa, crosfhocail, dúshláin
- Acmhainní scoile agus curaclaim
- Taifeadtaí amhránaíochta agus taibhithe eile
- Ciorcal comhrá ar an nguthán (Gael Linn)
- Ag obair le TG4 agus le Comhaltas Ceoltóirí na hÉireann – Fleadh Ceoil athshamhlaithe
- Ag obair le TG4 Molscéal / Ealaín na Gaeltachta/ Teicspás – sárthaispeántas d'ealaíona agus scéalta ó Phobail Ghaeltachta
- Meitheal Dúchais – a iarrann ar dhaoine scéalta a bailíodh a thras-scríobh go deonach
- Meitheal Logainm – a iarrann ar dhaoine sonraí mion-logainmneacha a uaslódáil ar an suíomh gréasáin