Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin tar éis cruinnithe le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 15 Meán Fómhair 2025
  • An t-eolas is déanaí: 15 Meán Fómhair 2025

12 Meán Fómhair 2025

Bhí cruinniú an-chairdiúil agus fiúntach agam leis an bPríomh-Aire Keir Starmer ag Chequers ar maidin.

Phléamar réimse leathan ábhar, lena n-áirítear an caidreamh dearfach idir an dá thír again agus an clár fairsing comhair déthaobhaigh atá ar bun idir ár dá Rialtas, ullmhúchán don Chruinniú Mullaigh idir an Ríocht Aontaithe agus Éirinn atá le teacht, a bheidh ar siúl in Éirinn san earrach san áireamh.

Tá dul chun cinn an-mhaith déanta mar gheall ar oidhreacht, agus chomhaontaigh an Príomh-Aire agus mise go bhfuilimid gar chun creatlach a leagan amach chun dul i gceann shaincheisteanna oidhreachta, ag aithint cé chomh tábhachtach is atá sé d’íospartaigh agus do mharthanóirí, agus don phobal i gcoitinne i dTuaisceart Éireann agus ar fud na n-oileán seo.

Phléamar na cúrsaí tubaisteach in Gaza – an gá atá ann le sos cogaidh, na gialla go léir a scaoileadh saor, agus borradh ollmhór i gcabhair dhaonnúil. Gheallamar freisin leanúint ar aghaidh ag obair i gcomhar le Comhcheangal na mBall Toilteanacha chun tacaíocht don Úcráin a láidriú agus brú a mhéadú ar an Rúis chun stop a chur lena gcogadh ionsaitheachta ar mhuintir na hÚcráine.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat