Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin mar gheall ar cheapachán Justin Kelly ina Choimisinéir nua den Gharda Síochána

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 29 Iúil 2025
  • An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025

Cuirim fáilte mhór roimh cheapachán Justin Kelly ina chéad Choimisinéir eile den Gharda Síochána.

Ar seirbhís faoi láthair mar Leas-Choimisinéir Slándála, Straitéise agus Rialachais, tabharfaidh Justin go leor saineolais agus taithí óna tríocha bliain sna Gardaí chuig an bpost.

Tá ról Choimisinéir an Gharda Síochána go ríthábhachtach agus dúshlánach. Tá Justin thar a bheith cáilithe, le taifead gairmiúil a chruthaíonn a róil cheannaireachta sa Gharda Síochána agus taithí fhairsing i go leor réimsí póilíneachta, lena n-áirítear slándáil náisiúnta, coireacht eagraithe, agus foréigean teaghlaigh agus gnéasach.

Guím gach dea-mhéin air ina théarma, a thosóidh ar an 1 Meán Fómhair.

Ba mhaith liom freisin, ómós a ghabháíl leis an gCoimisinéir atá ag éirí as oifig, Drew Harris as a gceannaireacht ar an nGarda Síochána le seacht bliain anuas.

Stiúir an gCoimisinéír Harris an Garda Síochána le mór-ghradam trí thréimhse athchóirithe suntasaí san eagraíocht. Guím gach rath air don todhchaí.

CRÍOCH