English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin ar bhás Mick O'Dwyer

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 3 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025

"Tá an-bhrón orm faoi bhás Mick O'Dwyer - laoch de chuid na gCluichí Gaelacha.

"Ba í an pheil Ghaelach tús agus deireadh a shaoil. Léirigh sé gach dea-rud faoin gcluiche - dúthracht, uaillmhian, dearfacht agus grá don phobal.

"Tá a oidhreacht spóirt gan sárú. Beidh sé ar dhuine de laochra spóirt Chiarraí go deo, agus ceithre bhonn sinsir Uile-Éireann aige ó 1959, 1962, 1969 agus 1970.

"Le linn a thréimhse mar bhainisteoir ar Chiarraí in 1975 go 1989, d’éirigh leo Corn Mhig Uidhir a thabhairt ar ais go dtí an Ríocht ocht n-uaire.

"Le linn a shlí bheatha spóirt, bhí Micko le feiceáil in 21 cluiche ceannais sinsir Uile-Éireann - b’éacht ann féin é sin.

"Tar éis a chuid ama leis an Ríocht, lean Micko air lena ról bainistíochta, agus bhí sé i gceannas ar Chill Dara agus ar Laois nuair a bhuaigh siad Craobh Laighean agus ar Chill Mhantáin nuair a bhuaigh siad Corn Tommy Murphy.

"Mhair gairm idirchontae an fhir ón gCoireán go dtí go raibh sé ina chuid seachtóidí, agus d’éirigh sé as an mbainistíocht tar éis a thréimhse le peileadóirí an Chláir in 2014 agus é 77 bliain d’aois.

"In ainneoin a chuid éachtaí spóirt go léir, d'fhan Micko umhal. I gclár faisnéise RTÉ ar a shaol in 2018, dúirt Micko: "Bhí rith iontach agam, ach nach raibh an t-ádh orm gur rugadh i gCiarraí mé."

" Bhí an t-ádh ar Chiarraí, agus orainn go léir, go raibh sé linn.

"Comhbhrón ó chroí lena theaghlach ar fad agus le pobal CLG ar fad.

"Solas na bhFlaitheas ar a anam. Leaba i measc na Naomh go raibh aige."

CRÍOCH