Ráiteas an Taoisigh Micheál Martin faoi thuarascáil Ombudsman na bPóilíní do Thuaisceart Éireann ar ainghníomh Mhuileann Ching
- Foilsithe: 30 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2025
Olldhúnmharú seicteach uafásach a bhí san ionsaí ar Mhuileann Ching i gContae Ard Mhacha i mí Eanáir 1976 inar maraíodh deichniúr go brúidiúil.
Inniu, ar chur i láthair thuarascáil de chuid Ombudsman na bPóilíní do Thuaisceart Éireann ar fhiosrúchán na bPóilíní do chlanna na n-íospartach, smaoiním orthu siúd go léir a maraíodh san ionsaí, agus ar Alan Black, an t-aon mharthanóir a tháining slán as.
Is uafásach an rud é nach bhfuil na daoine a rinne an t-ainghníomh millteanach seo cuntasach fós. Iarraim ar éinne a bhféadfadh eolas a bheith acu ar an ionsaí, fiú ag an uair dheireanach seo, teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis.
Tá súil agam go dtabharfaidh tuarascáil Ombudsman na bPóilíní do Thuaisceart Éireann inniu roinnt freagraí ar cheisteanna atá ag na clanna agus iad ar thóir na fírinne agus an cheartais le fada dá ngaolta.
Cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil géarghá le creat oidhreachta cuimsitheach chun corais leordhóthanacha a sholáthar don cheartas agus don fhírínne a chomlíonann ionchais dhlisteanacha chlanna na n-íospartach.
CRÍOCH.