Ráiteas ón Taoiseach Micheál Martin maidir le cinneadh na Stát Aontaithe taraifí a chur i bhfeidhm
- Foilsithe: 3 Aibreán 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
“ Creideann muintir na hÉireann i saorthrádáil oscailte agus go bhfuil cur i bhfeidhm taraifí go dona don gheilleagar domhanda.
"Is trua liom gur chinn na Stáit Aontaithe taraifí 20% a chur i bhfeidhm ar allmhairí ó gach cearn den Aontas Eorpach.
"Ní fheicimid aon údar leis sin. Déantar earraí agus seirbhísí ar luach níos mó ná €4.2 billiún a thrádáil idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe gach lá.
"Ní rachaidh sé chun tairbhe do dhuine ar bith cur isteach ar an gcaidreamh domhain lánpháirteach sin. Cuireann taraifí le boilsciú, bíonn drochthionchar acu ar dhaoine ar dhá thaobh an Atlantaigh, agus cuireann siad poist i mbaol.
"Déanfaimid machnamh anois lenár gcomhpháirtithe AE ar an mbealach is fearr chun leanúint ar aghaidh.
"Mar a d'aontaigh mé leis an Uachtarán von der Leyen inár nglaoch gutháin le déanaí, tá aontacht an Aontais ríthábhachtach, agus ba cheart na céimeanna amach anseo a bheith breithnithe agus tomhaiste.
"Ba cheart go mbeadh aon ghníomhaíocht comhréireach agus dírithe ar leasanna na ngnólachtaí, oibrithe agus saoránach a chosaint.
"Is anois an t-am don idirphlé, agus creidim gurb é socrú trí idirbheartaíocht an t-aon bhealach ciallmhar atá ann.
"Ní rachaidh achrann chun leasa aon duine. Beidh Éire ina habhcóide láidir ar son toraidh a chuirfidh leis an gcaidreamh trádála trasatlantach atá ann cheana féin.
"Is tír muid a bhfuil geilleagar beag oscailte againn, agus forbraíodh ár rath ar pholasaí trádála saor agus cóir, agus dá bhrí sin, níl aon amhras ach go mbeidh drochthionchar ag cur i bhfeidhm tharaifí na Stát Aontaithe orainn.
"Is é tosaíocht na hÉireann poist agus an geilleagar a chosaint. Táimid i staid mhaith faoi láthair, agus tá an geilleagar athléimneach.
"Is tábhachtach go ndíreoidh muid ar fhachtóirí is féidir linn a rialú, lena n-áirítear iomaíochas a fheabhsú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar.
"Trína bheith ag obair le comhlachtaí faoi úinéireacht na hÉireann, comhlachtaí ilnáisiúnta, comhpháirtithe AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá go déthaobhach, is féidir linn dul i ngleic leis an droch-chás seo agus déanfaimid amhlaidh."
Críoch