English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá Gníomhú ar son na hAeráide agus Tithíocht do Chách chun tosaigh i sráidbhaile Rialtas na hÉireann ag an gCraomhchomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2022

  • Ó: Roinn an Taoisigh

  • Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Beidh an Taoiseach agus roinnt Airí eile ag freastal ar an gComórtas Náisiúnta (agus Domhanda) Treabhdóireachta ón lá amárach ar aghaidh i Ráithín an Uisce, Co. Laoise. I gcaitheamh trí lá an Chomórtais, beidh réimse leathan eolais agus seirbhísí á gcur ar fáil do chuairteoirí i sráidbhaile Rialtas na hÉireann, a mbeidh breis is 125 seastán ann. Cuireann an Comórtas deis dhosháraithe ar fáil chun ardán a thabhairt do sheachadadh seirbhísí agus soláthar eolais atá dírithe ar shaoránaigh. Beidh ionadaithe ‘Tithíocht do Chách’ i láthair chun seirbhísí agus eolas a chur ar fáil do chuairteoirí, agus beidh ‘Gníomhú ar son na hAeráide’ ina ghné ar fud réimse de na taispeántóirí i sráidbhaile Rialtas na hÉireann.

Gníomhú ar son na hAeráide agus Inbhuanaitheacht

Leagfar béim mhór ar inbhuanaitheacht agus ar ghníomhú ar son na haeráide ag an imeacht, ag déanamh cíoradh ar an gcaoi a mbeidh pobail thuaithe ábalta ceannaireacht a ghlacadh maidir le réitigh aeráide. Déanfar cíoradh ar an ábhar sin trí réimse gníomhaíochtaí, cainteanna agus taispeántas trína mbeidh gníomhú ar son na haeráide inrochtana agus ábhartha don lucht spéise tuaithe agus feirmeoireachta. Díreofar na cainteanna ag an imeacht ar dhul in oiriúint don athrú aeráide, an bhithéagsúlacht a neartú, agus glacadh go fonnmhar le deiseanna gnó do cheantair thuaithe na hÉireann sa gheilleagar ísealcharbóin. Spreagfar cuairteoirí, idir shean agus óg, quiz ar Bhéarlagair Aeráide a Shárú a ghlacadh agus cuairt ar thabhairt ar thaispeántais an Rialtais chun tuilleadh a fháil amach. Dáilfidh Mywaste.ie 15,000 coimeádán dramhbhia mar chuid de phromóisean suntasach. Mar chuid den chlár Gníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, déanfaidh an t-ealaíontóir agus feirmeoir Lisa Fingleton saothar líníochta idirghníomhach ar scála mór agus í ag freagairt ar an toirt do na réitigh a mholfaidh feirmeoirí maidir leis an athrú aeráide. Tabharfaidh an balla léargas d’am na huaire ar thuairimí an phobail feirmeoireachta in Éirinn sa bhliain 2022.

Cuirfear inbhuanaitheacht chun cinn ar fud shráidbhaile Rialtas na hÉireann trí ghníomhaíochtaí, tionscnaimh agus trí gach ball foirne a spreagadh le hiompar poiblí a úsáid nó trí charranna a chomhroinnt. Is príomhghné de chur chuige bhainistiú an imeachta é ábhair athchúrsáilte in-athúsáidte a úsáid sna cúlbhrait. Ina theannta sin, spreagfar taispeántóirí le cur chuige digiteach ar dtús a ghlacadh chun líon na mbileog eolais ar an láthair a laghdú.

Tithíocht do Chách

Is príomhthosaíocht an Rialtas é Tithíocht do Chách a sholáthar. Cuirfidh ionadaithe Tithíocht do Chách eolas ar fáil do dhaoine den phobal ar réimse tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine ar mhaith leo áitribh fholmha a cheannach nó a fháil ar cíos nó a athchóiriú. Cuirfear eolas ar fáil ar pholasaithe agus ar chláir san ollphuball, eolas a bheidh dírithe ar phobail a athbheochan. Ina theannta sin, ó tharla gur gné thábhachtach de Thithíocht do Chách é méadú a chur ar acmhainn na hearnála tógála, tabharfar ardán don nuálaíocht san earnáil tógála agus cuirfear an t-eolas is déanaí ar fáil dóibhsean ar spéis leo oibriú san earnáil tógála nó tabhairt faoin uasoiliúint.

I measc na seirbhísí a bheidh ar fáil do chuairteoirí i sráidbhaile Rialtas na hÉireann beidh:

  • seirbhísí pas
  • comhairle chánach ó fhoireann na gCoimisinéirí Ioncaim
  • eolas maidir le leas sóisialach agus maidir le próiseáil éileamh
  • CBT agus seirbhísí feirme eile ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • comhairle sláinte ó ionadaithe FFS

Nóta d’Eagarthóirí:

Tá sráidbhaile Rialtas na hÉireann suite in aice le láthair cheanncheathrú an Chomórtais Náisiúnta Treabhdóireachta ag Sraitheanna 17-20.

Is mar seo a leanas a bheidh na hollphubaill leagtha amach:

1. Cultúr, Cruthaitheacht agus Nuálaíocht

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta & Eolaíochta

OOP

FEÉ

SOLAS

BOOÉ

2. Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann – Ag Tacú le Pobail

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Na Coimisinéirí Ioncaim

3. Saol Inbhuanaithe

An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta

Met Éireann

4. Tithíocht do Chách

An Ghníomhaireacht um Thithíocht

Suirbhéireacht Ordanáis Éireann

An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe

5. Ag Tacú le hÍospartaigh na Coireachta

An Roinn Dlí agus Cirt

An Garda Síochána

An tSeirbhís Cúirteanna

Seirbhís Phríosúin na hÉireann

6. Éire Dhomhanda

An Roinn Gnóthaí Eachtracha

An tSeirbhís Pas

7. FSS

8. Ag Tabhairt Tús Áite Duitse

Eolas do Shaoránaigh

SBCA

An Bord um Chúnamh Dlíthiúil

Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann

9. Rialtas na hÉireann

Cuirfidh Roinn an Taoisigh díospóireachtaí painéil agus imeachtaí i láthair ar fud réimse leathan ábhar.

Beidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Teagasc agus Bord Bia ar fad i láthair go mór agus beidh ollphuball thiomnaithe acu a bheidh dírithe ar an bpobal feirmeoireachta.

I measc na dtaispeántóirí i sráidbhaile an Rialtais beidh:

  • Éire Ildánach
  • Óglaigh na hÉireann

Garda Cósta na hÉireann

  • Leabharlann Taistil
  • Taispeántas Conartha na Cartlainne Náisiúnta

Chun go mbeidh teacht níos mó ag lucht spéise ar an imeacht cuirfidh foireann a bhfuil teanga chomharthaíochta acu seirbhísí ar fáil ag gach ceann de na díospóireachtaí painéil a reáchtálfar in ollphuball Rialtas na hÉireann.

Chun tuilleadh eolais a fháil teigh chuig Item was unpublished or removed

Críoch