English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíochtaí deontais, a leithéid nach bhfacthas riamh cheana, chun tabhairt faoi obair uasghrádaithe fuinnimh baile fógartha ag an Rialtas

Tá pacáiste tacaíochtaí ceadaithe ag an Rialtas inniu (Dé Mairt an 8 Feabhra) chun go mbeidh sé níos éasca agus níos inacmhainne ar úinéirí tí tabhairt faoi obair uasghrádaithe fuinnimh baile le háiteanna cónaithe níos teolaí, níos sláintiúla agus níos compordaí a bheith acu lena mbaineann billí fuinnimh níos ísle. Tugtar aghaidh leis na bearta ar chonstaicí a bhíonn sa bhealach ar dhaoine tabhairt faoi obair uasghrádaithe fuinnimh (obair iarfheistithe), constaicí atá tuairiscithe ag úinéirí tí agus acusan a oibríonn sa tionscal. Is léargas iad na bearta freisin ar an athrú céime atá de dhíth - athrú céime i luas agus i scála an tseachadta - ár sprioc 500,000 uasghrádú fuinnimh baile chuig Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) ar chaighdeán B2 a bhaint amach faoin mbliain 2030.

Is ionann na hathruithe sin agus céim thábhachtach i seachadadh an Phlean Iarfheistithe Náisiúnta, trína n-aithnítear réimse beart atá dírithe ar éileamh ar iarfheistiú a bhrú chun cinn, méid agus acmhainn an tslabhra soláthair a mhéadú chomh maith le hobair iarfheistithe a dhéanamh níos inacmhainne.

Áirítear ar na príomhbhearta:

• Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Baile Náisiúnta nua, trína gcuirfear leibhéil níos mó deontais ar fáil, suas le 50% den chostas a bhaineann le hiarfheistiú domhain a dhéanamh chuig BER ar chaighdeán B2 a bhaint amach (ardú ar na deontais 30%-35% atá ann i láthair na huaire)

• Ionaid Uileghnó chun seirbhís bainistithe tionscadail ó thús deireadh, gan stró a chur ar fáil lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú d’obair uasghrádaithe fuinnimh baile

• Méadú suntasach ar an méid uasghráduithe fuinnimh saor in aisce a bheidh ar fáil dóibhsean atá i mbaol i dtaobh tearcrochtana fuinnimh (400 in aghaidh na míosa - méadú ar 177 ar an meán a bhí ar fáil in aghaidh na míosa i 2021)

• Ráta speisialta deontais bhreisithe, arb ionann é agus 80% den ghnáthchostas chun áiléar agus cuasbhalla a insliú do gach líon tí, chun úsáid fuinnimh a laghdú go práinneach mar chuid de fhreagra an Rialtas do na praghsanna fuinnimh reatha as an ngnáth

• Trí Infheistíocht Státchiste €8 billiún as seo go dtí 2030 beifear ábalta an slabhra soláthair a mhéadú, trína gcruthófar na mílte jabanna d’ardchaighdeán agus trína dtabharfar an cuspóir ríthábhachtach náisiúnta seo chun críche

Is é Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI) a dhéanfaidh na Scéimeanna a riar. Tá na tacaíochtaí deontais méadaithe agus an dlús mór atá á chur faoi uasghráduithe fuinnimh saor in aisce dóibhsean atá i mbaol tearcrochtana fuinnimh maoinithe ag cistí atá curtha i leataobh ón gcáin charbóin.

Is mar seo a leanas príomhghnéithe fhógra an lae inniu:


Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Baile Nua - chun d’áit chónaithe a athrú ó bhonn

Cuirfear leibhéil níos mó deontais ar fáil, suas le 50% den chostas a bhíonn ar ghnáthuasghrádú fuinnimh Baile B2 le teaschaidéal a dhéanamh (ardú ar na deontais 30%-35% atá ann i láthair na huaire) leis an Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Baile. Tugtar isteach leis an scéim bealach gan stró chun tabhairt faoi obair uasghrádaithe fuinnimh baile trí Ionaid Uileghnó a chuirfidh seirbhís ó thús deireadh ar fáil d’úinéirí tí. Áirítear air sin suirbhé a dhéanamh ar an áit chónaithe; na huasghráduithe a dhearadh; an próiseas deontais a bhainistiú; cúnamh a thabhairt i leith teacht a fháil ar mhaoiniú; dul i dteagmháil le conraitheoirí chun tabhairt faoin obair; ráthú caighdeáin a dhéanamh ar an obair.

Tá tithe faoi úinéireacht úinéirí tí príobháideacha, tiarnaí talún neamhchorparáideacha agus Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe incháilithe faoin scéim. Cuireann sin deis nach bhfacthas riamh cheana do dhaoine fud fad na tíre uasghrádú a dhéanamh ar a n-áit chónaithe le go mbeidh siad níos teolaí, níos sláintiúla agus níos compordaí agus lena mbainfidh billí fuinnimh níos ísle.


Rátaí agus tacaíochtaí deontais méadaithe chun tabhairt faoi obair uasghrádaithe céim ar chéim

Tá méadú suntasach déanta ar thacaíochtaí deontais (faoin Scéim um Fhuinneamh Níos Fearr do Thithe) atá ar fáil d’úinéirí tí ar mhaith leo cur chuige céim ar chéim a ghlacadh chun a n-áit chónaithe a uasghrádú. Tá an deontas do theaschaidéil méadaithe ó €3,500 go €6,500 mar shampla, agus tá an ráta d’insliú seachtrach ballaí méadaithe ó €6,000 go €8,000 i gcás teach scoite. Baineann na figiúirí sin go sonrach le méideanna an deontais i leith an chuir chuige céim ar chéim seo.

Tá liosta iomlán na mbeart agus na ndeontas ar fáil ag an nasc a leanas: https://www.seai.ie/grants/home-energy-grants/.


Uasghrádú fuinnimh baile saor in aisce: Ag tabhairt cosaint do na daoine is mó atá i mbaol i dtaobh tearcrochtana fuinnimh

Faoin Scéim um Thithe Níos Teo cuirfear obair uasghrádaithe saor in aisce ar fáil d’úinéirí tí incháilithe is mó atá i mbaol i dtaobh tearcrochtana fuinnimh. Tá tacaíocht faighte i gcomhair 143,000 uasghrádú faoin scéim ón mbliain 2000.

Tá leithdháileadh buiséid €109 milliún curtha ar fáil don scéim seo i mbliana. Tacóidh sin le méadú i líon na n-uasghráduithe baile saor in aisce, ó 177 in aghaidh na míosa sa bhliain 2021 go dtí 400 in aghaidh na míosa i mbliana, a chuideoidh le hamanna feithimh a laghdú. Díreofar freisin faoin scéim ar na réadmhaoine is measa i dtaobh fuinnimh de trí thús áite a thabhairt d’áiteanna cónaithe a tógadh agus ina raibh cónaí roimh 1993 agus a bhfuil BER E, F nó G acu sula ndéantar obair orthu. Ní chuirfidh an t-athrú sin isteach ar iarratais reatha. Glacfar le hiarratais den chéad uair ó úinéirí tí incháilithe a raibh tacaíochtaí faighte roimhe seo acu faoin scéim ach fós féin a mbeadh bearta níos doimhne fós chun tairbhe dóibh. Cuirfear síneadh le critéir incháilithe na scéime chun glacadh leosan atá ag fáil Liúntas Míchumais le breis is 6 mhí agus a bhfuil leanbh faoi 7 mbliana d’aois acu.


Deontais arb ionann iad agus 80% den ghnáthchostas chun áiléar agus cuasbhalla a insliú

Tiocfaidh níos mó ná méadú faoi thrí ar dheontais chun cuasbhalla agus áiléar a insliú mar chuid de fhreagairt an Rialtais do na praghsanna fuinnimh reatha as an ngnáth. I gcás teach leathscoite mar shampla, méadóidh an deontas inslithe áiléir ó €400 go dtí €1,300 agus méadóidh an deontas inslithe cuasbhalla ó €400 go dtí 1,200. Is bearta uasghrádaithe iad atá fíor-éifeachtúil ó thaobh costas de ar féidir iad a chur i bhfeidhm go sciobtha agus ar scála i mbliana. Táthar ag súil go gcúiteofar costas na hoibre seo laistigh de 1-2 bliain i gcás an chuid is mó de na tithe.

Clúdóidh na rátaí nua deontais tuairim is 80% de ghnáthchostas na mbeart seo agus beidh siad ar fáil do gach úinéir tí.


Scéimeanna pobail: Foirgnimh fud fad na tíre a fheabhsú

Faoin Scéim Deontas um Fhuinneamh Pobail tá deontais ar fáil d’fhoirgnimh phoiblí, thráchtála agus phobail. Áirítear ar na bhfoirgnimh sin, foirgnimh i gcumainn tithíochta agus tithíocht na n-údarás poiblí; réadmhaoine cíosa; agus foirgnimh faoi úinéireacht eagraíochtaí san earnáil phoiblí. Is é €43 milliún an buiséad iomlán a bheidh leagtha amach don scéim seo sa bhliain 2022 (tuairim is €15 milliún de a bhainfidh le hobair iarfheistithe baile). Tá deontais suas le 80% ar fáil faoin scéim seo - d’úinéirí tí príobháideacha, fuinneamhbhochta.


Tiomantas maoinithe fadtéarmach: Deimhneacht a chur ar fáil don earnáil uasghrádaithe fuinnimh baile

Is ionann iarfheistiú a dhéanamh ar stoc tithíochta na tíre agus príomhghné de phleananna an Rialtas i leith forás agus forbairt eacnamaíoch. Spreagfaidh an €8 billiún i maoiniú Plean Forbartha Náisiúnta, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, (lena n-áirítear €5 billiún in ioncam cánach carbóin) atá ar fáil chun tacú le hobair uasghrádaithe baile (go dtí 2030) poist d’ardchaighdeán a chruthú ar fud na tíre. Beidh tionchar éifeachta iolraitheora suntasach ag an maoiniú freisin trí thacú le slabhraí soláthair gaolmhara a fhorbairt. Cuideoidh sé sin tacú le haistriú cóir a bhaint amach chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de.

Tá €267 milliún (€202 milliún de ar fáltais cánach carbóin iad) leithdháilte ar scéimeanna cónaithe agus pobail SEAI sa bhliain 2022. Tacóidh an infheistíocht seo le huasghrádú fuinnimh baile a dhéanamh ar nach mór 27,000 áit chónaithe, lena n-áirítear BER B2 a bhaint amach i mbreis is 8,600 áit chónaithe (ar ionann sin agus beagnach dúbailt ar aschur B2 na bliana 2021) chomh maith le hobair uasghrádaithe a chur ar fáil saor in aisce do theaghlaigh atá i mbaol i dtaobh tearcrochtana fuinnimh.

Sa bhreis air sin, tá €85 milliúin i maoiniú curtha ar fáil ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do Chlár Éifeachtúlachta Fuinnimh Iarfheistithe na nÚdarás Áitiúil. Tá an infheistíocht dírithe ar 2,400 uasghrádú B2 (nó an costas coibhéiseach optamach) a sheachadadh i mbliana.

Caithfear €352 milliún (58%) de bhuiséad iarfheistithe iomlán €352 milliún an Rialtais ar scéimeanna tiomnaithe do thearc-rochtain fuinnimh agus ar obair iarfheistithe na n-údarás áitiúil.


Spriocanna náisiúnta gníomhaithe ar son na haeráide

Beidh an fhoireann clár uasghrádaithe fuinnimh baile atá á fógairt inniu lárnach i dtaobh spriocanna aeráide níos forleithne na tíre a bhaint amach. Leagtar sprioc amach leis an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 astaíochtaí gás ceaptha teasa ón teascóg chónaithe a laghdú ó 7 Mt CO2 eq. sa bhliain 2018 go dtí idir 3.5-4.5 Mt CO2 eq. sa bhliain 2030. Is príomhchéim chun cinn i dtaobh sin a bhaint amach é fógra an lae inniu. Cuirfidh cur chuige bunaithe ar fhianaise eolas ar fáil go leanúnach maidir le leagan amach na scéime le himeacht ama, trína gcinnteofar go mbeidh na tacaíochtaí is fearr i bhfeidhm chun tacú le háiteanna cónaithe ar fud na tíre a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de agus ar deireadh thiar, dícharbónú a bhaint amach.

Seo mar a labhair an Taoiseach Micheál Martin T.D. ag seoladh na Scéime Uasghrádaithe Fuinnimh Baile nua:

“Tá an Rialtas ag tabhairt a tiomantas inniu tacú le daoine a gcuid áiteanna cónaithe a dhéanamh níos teolaí agus níos saoire le téamh, fad a dtugaimid aghaidh ar ghéarchéim an athraithe aeráide. Rinne muintir na tíre beart i gcomhar i leith na paindéime, beart lenar bhain feidhm, trí chúnamh a thabhairt do na daoine ba leochailí sa phobal. Tá an tábhacht chéanna ag baint leis an athrú aeráide do leanaí agus do ghlúnta amach anseo na tíre, mar aon le daoine atá i mbaol i dtaobh tearc-rochtana fuinnimh sa lá atá inniu ann. Tá tiomantas an Rialtais uaillmhianta aeráide na tíre a bhaint amach breá soiléir, agus is céim eile chun cinn ina leith sin an lá inniu.”

Is éard a dúirt an Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Leo Varadkar T.D.:

“Cruthófar na mílte post i ngach contae sa tír tríd an scéim seo trí áiteanna cónaithe a dhéanamh níos teolaí, níos compordaí agus níos sláintiúla. Tá áthas orm go bhfuiltear ag bogadh i dtreo samhail níos cuíchóirithe agus níos dírithe ar an gcustaiméir agus é níos éasca ar dhaoine eolas a fháil ar an méid atá le déanamh acu agus an chaoi le maoiniú a fháil de bharr na nIonad Uileghnó. Fágfaidh tiomantas fadtéarmach an Rialtais i leith maoinithe agus an infheistíocht a dhéanann sé i bprintíseachtaí agus in oiliúint scileanna go mbeidh an tionscal ábalta cur le hacmhainn, agus gnéithe eile den slabhra soláthair a neartú.”

Is éard a dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan T.D.:

“De bharr na práinne a bhaineann leis an ngéarchéim aeráide agus le géarchéim na bpraghsanna fuinnimh ní mór dúinn beart a dhéanamh chun an méid fuinnimh a úsáidimid a laghdú agus chun an méid a chosnaíonn sé ár n-áiteanna cónaithe a théamh a laghdú. Is léir ón lá inniu go bhfuil tiomantas an Rialtais agus, go deimhin, gach polaiteoir in Éirinn, tiomantas dá leithéid nach bhfacthas riamh cheana, díriú ar áiteanna cónaithe na tíre a fheabhsú ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí i dtaobh gníomhú ar son na haeráide. Tá tasc 30 bliain romhainn anois, tasc chun ár n-áiteanna cónaithe a athrú ó bhonn. Tá seoladh an lae inniu ar cheann de na príomhchéimeanna a chaithfimid a thógáil chun an tír a chosaint ó luaineacht praghais idirnáisiúnta agus ó gheopholaitíocht na margaí fuinnimh idirnáisiúnta.”

Is éard a dúirt William Walsh, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann:

“Tá tacú tugtha ag SEAI, trí mhaoiniú Rialtais, le 450,000 uasghrádú fuinnimh baile cheana féin. Léiríonn fógra an lae inniu ón Rialtas go bhfuil sé tiomanta do chúnamh a thabhairt d’úinéirí tí trí obair uasghrádaithe fuinnimh baile a dhéanamh níos inrochtana agus níos inacmhainne. Trí na bearta nua seo táimid ag súil le tacú le húinéirí tí áit chónaithe níos teo agus níos teolaí a bhaint amach, áiteanna a mbainfidh billí fuinnimh níos ísle leo, fad a chuidíonn siad le spriocanna aeráide uaillmhianach na hÉireann a bhaint amach.”

CRÍOCH