Taoiseach Micheál Martin ag freastal ar áit chúlráideach neamhfhoirmiúil de chuid Cheannairí an AE
- Foilsithe: 3 Feabhra 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an Taoiseach ag bualadh le comhcheannairí an AE sa Bhruiséil le haghaidh cainteanna straitéiseacha ar chaidreamh an AE – SA agus ar chosaint na hEorpa.
Tá an Taoiseach Micheál Martin sa Bhruiséil inniu (Dé Luain) chun dul i bpáirt le ceannairí an AE le haghaidh cainteanna straitéiseacha ar dhá ábhar tábhachtach ar a gclár oibre: caidramh AE – SA agus cosaint na hEorpa. Mar phríomh-chomhpháirtithe don AE maidir le slándáil agus cosaint na hEorpa, beidh Ard-Rúnaí NATO, Marc Rutte, agus Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer ag dul i bpáirt leis na Ceannairí mar chuid de na cainteanna.
Ag labhairt dó, roimh an gcruinniú, dúirt an Taoiseach:
“Tá cainteanna an lae inniu tábhachtach mar gheall ar shlándáil agus rathúnas shaoránaigh na hEorpa.
I ré ina bhfuil an teannas árdaithe ar fud na cruinne, tá caidreamh trasatlantach ag teastáil uainn, agus Eoraip atá feistithe chun dul i ngleic leis na cineálacha nua bagairtí hibrideacha.
Tá Éire agus fanfaidh Éire neodrach ó thaobh mhíleata de, agus tuigtear go maith é sin agus tá meas ag ár gcomhstáit san AE air sin.
Ní bhogann ár bpolasaí um neodracht mhíleata sinn i bhfad siar ó na cineálacha nua bagairtí slándála, ná ní chuireann sé isteach orainn agus muid ag cabhrú le AE níos slándála a chruthú fad is atáimid at leanúint ar aghaidh ag infheistiú agus ag nuachóiriú ár bhFórsaí Cosanta féin.
Beidh tacaíocht leanúnach don Úcráin ina pháirt thábhachtach de chainteanna an lae inniu agus í ag leanúint ar aghaidh ag cosaint í féin i gcoinne ionradh brúidiúil agus mímhorálta na Rúise.
Tá áthas orm go mbeidh an Príomh-Aire Starmer ag teacht i bpáirt le haghaidh cuid dár gcainteanna – is comhpháirtí tábhachtach í an RA don AE – agus táim ag súil le a bheith ag bualadh leis níos déanaí.”
Críoch