Taoiseach Micheál Martin ar bhás Iar-Aire agus Teachta Dála Noel Treacy
- Foilsithe: 2 Feabhra 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
"Tá fíor bhrón orm a chloisteáil faoi bhás Iar-Aire Noel Treacy, cara dhíl agus ionadaí poilí den scoth, a d’fhreastal ar a phobal agus a thír araon go sainiúil.
"Mar ionadaí ar Ghaillimh Thoir sa Dháil ó 1982 go 2011, bhí Noel fuinneamhach, carthanach agus tiomanta ina roil iomadúla tríd réimse ranna lena n-áirítear Airigeadas, Dlí agus Cirt, Iompar, Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Roinn an Taoisigh agus Talmhaíocht agus Bia.
"Mar Aire Eolaíochta agus Teicneolaíochta, bhí ról suntasach aige i bhforbairt ár ngeilleagar nua-aimseartha, agus mar Aire na hEorpa d’oibrigh sé go díograiseach chun a chinntiú go raibh Éireann ina bhall éifeachtach agus tairbheach den AE.
"Fear teaghlaigh agus comhghleacaí dílis ab ea Noel.
"Fágtar rian buan ar saol poiblí na hÉireann toisc an chumas a bhí aige ceangailt a dhéanamh leis na daoine a d’fhreastal sé orthú aon áit a bhí siad, agus toisc a díograis tógálach.
"Déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Mary, lena pháistí Joan, Emer, Lisa agus Rory agus lena theaghlach sínte agus lena chairde."